Bádh beirt fhear nuair a thit siad i bhfarraige agus iad ag slatiascaireacht in aice leis an Dún Beag i gCo an Chláir tráthnóna inniu.
Sna fichidí a bhí duine de na fir, sna tríochaidí a bhí an fear eile.
Tuigtear gur ag iascaireacht ó na carraigeacha i gCuan an Phoillín a bhí an bheirt nuair a tharla an tubaiste.
Is cosúil go raibh an fharraige coipthe ag an am.
Cuireadh fios ar an nGarda Cósta go gairid tar éis 2 a chlog agus chuathas i mbun cuardaigh ar an mbeirt fhear ar an bpointe.
D'aimsigh foireann héileacaptair an Gharda Cósta coirp na beirte ag thart ar 4 a chlog agus is criú ceann de na báid tarrthála a thug as an uisce iad.
Nuacht agus Cúrrsaí Reatha RTÉ


