Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Beirt a bhí ag slatiascaireacht báite i gCo an Chláir

31 MÁRTA 2026, 19:21

Foireann héileacaptair an Gharda Cósta a d'aimsigh coirp na beirte fear
X Facebook

Bádh beirt fhear nuair a thit siad i bhfarraige agus iad ag slatiascaireacht in aice leis an Dún Beag i gCo an Chláir tráthnóna inniu.

Sna fichidí a bhí duine de na fir, sna tríochaidí a bhí an fear eile.

Tuigtear gur ag iascaireacht ó na carraigeacha i gCuan an Phoillín a bhí an bheirt nuair a tharla an tubaiste.

Is cosúil go raibh an fharraige coipthe ag an am.

Cuireadh fios ar an nGarda Cósta go gairid tar éis 2 a chlog agus chuathas i mbun cuardaigh ar an mbeirt fhear ar an bpointe.

D'aimsigh foireann héileacaptair an Gharda Cósta coirp na beirte ag thart ar 4 a chlog agus is criú ceann de na báid tarrthála a thug as an uisce iad.

Nuacht agus Cúrrsaí Reatha RTÉ