Tá rabhadh tugtha ag an Iaráin go scriosfar aon long a sheolfar trí Chaolas Hormuz gan chead na hIaráine a fháil ar dtús. Deir Tehran go bhfuil an t-uiscebhealach mara – idir Murascaill na Peirse agus Murasacaill Óman - fós dúnta.
Nuair a fógraíodh an sos cogaidh idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin aréir, bhí sé ina chuid lárnach den socrú go n-osclófaí an caolas agus go bhfágfaí ar oscailt é go ceann coicíse.
Uiscebhealach caol, iontach tábhachtach is ea é, a seoltar 20% d'ola an domhain tríd. I dtreo na hÁise, den chuid is mó, a théann an t-ola sin. Ach bhí drochthionchar ar phraghsanna fuinnimh ar fud an domhain i bhfianaise an dúnta, mar go bhfuil na margaí domhanda ola ar fad fite fuaite lena chéile.
Seoladh dhá thancaer ola tríd an gcaolas ar maidin, i ndiaidh dóibh cead a fháil ó rialtas na hIaráine. Ach tá tuairiscí déanta sna meáin san Iaráin go bhfuil sé dúnta arís i bhfianaise ionsaithe Iosrael ar an Liobáin, a leanann ar aghaidh, in ainneoin sos cogaidh a bheith aontaithe.
Thug Uachtarán Trump Mheiriceá le fios níos luaithe inniu go n-aontaíonn sé le ráiteas Phríomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, nach bhfuil an Liobáin clúdaithe sa sos cogaidh. Dúirt an tUachtarán Trump gur "achrann eile" é an troid in aghaidh Hezbollah.
I ráiteas a thug Príomhaire Netanyahu Iosrael ar ball beag, thug sé le fios nach bhfuil an cogadh i gcoinne na hIaráine tagtha chun críche, in ainneoin sos cogaidh a bheith i bhfeidhm. Ach, a dúirt sé, tá an-dul chun cinn déanta ó thaobh deireadh a chur le bagairt núicléach na hIaráine. "Tá an Iaráin níos laige ná mar a bhí sí riamh", a dúirt sé, "agus tá Iosrael níos láidre."
Príomhaire Netanyahu Iosrael inniu.
Ghabh sé buíochas le hUachtarán Trump Mheiriceá, as a cheannasaíocht agus a chairdeas.
"Tá mórathruithe á ndéanamh ar an meánoirthear ag Iosrael, i bpáirt leis na Stáit Aontaithe, a dúirt sé.
Thug Netanyahu le fios nach bhfuil sé de chumas ag an Iaráin níos mó arm a dhéanamh agus nach bhfuil á n-úsáid acu faoi láthair ach seanairm a bhí i stóras.


