Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

"Tá Caolas Hormuz fós dúnta", a deir an Iaráin

08 AIBREÁN 2026, 18:03

Deir an Iaráin go scriosfar aon long a sheolfar trí Chaolas Hormuz, mura lorgaítear cead na hIaráine ar dtús
X Facebook

Tá rabhadh tugtha ag an Iaráin go scriosfar aon long a sheolfar trí Chaolas Hormuz gan chead na hIaráine a fháil ar dtús. Deir Tehran go bhfuil an t-uiscebhealach mara – idir Murascaill na Peirse agus Murasacaill Óman - fós dúnta.

Nuair a fógraíodh an sos cogaidh idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin aréir, bhí sé ina chuid lárnach den socrú go n-osclófaí an caolas agus go bhfágfaí ar oscailt é go ceann coicíse.

Uiscebhealach caol, iontach tábhachtach is ea é, a seoltar 20% d'ola an domhain tríd. I dtreo na hÁise, den chuid is mó, a théann an t-ola sin. Ach bhí drochthionchar ar phraghsanna fuinnimh ar fud an domhain i bhfianaise an dúnta, mar go bhfuil na margaí domhanda ola ar fad fite fuaite lena chéile.

Rinneadh go leor ionsaithe ar an Liobáin inniu

Seoladh dhá thancaer ola tríd an gcaolas ar maidin, i ndiaidh dóibh cead a fháil ó rialtas na hIaráine. Ach tá tuairiscí déanta sna meáin san Iaráin go bhfuil sé dúnta arís i bhfianaise ionsaithe Iosrael ar an Liobáin, a leanann ar aghaidh, in ainneoin sos cogaidh a bheith aontaithe.

Thug Uachtarán Trump Mheiriceá le fios níos luaithe inniu go n-aontaíonn sé le ráiteas Phríomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, nach bhfuil an Liobáin clúdaithe sa sos cogaidh. Dúirt an tUachtarán Trump gur "achrann eile" é an troid in aghaidh Hezbollah.

I ráiteas a thug Príomhaire Netanyahu Iosrael ar ball beag, thug sé le fios nach bhfuil an cogadh i gcoinne na hIaráine tagtha chun críche, in ainneoin sos cogaidh a bheith i bhfeidhm. Ach, a dúirt sé, tá an-dul chun cinn déanta ó thaobh deireadh a chur le bagairt núicléach na hIaráine. "Tá an Iaráin níos laige ná mar a bhí sí riamh", a dúirt sé, "agus tá Iosrael níos láidre."

Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu looking down
"Tá Iosrael, i gcomhpháirt leis na Stáit Aontaithe, ag athrú an mheánoirthir go mór", a dúirt
Príomhaire Netanyahu Iosrael inniu.

Ghabh sé buíochas le hUachtarán Trump Mheiriceá, as a cheannasaíocht agus a chairdeas.

"Tá mórathruithe á ndéanamh ar an meánoirthear ag Iosrael, i bpáirt leis na Stáit Aontaithe, a dúirt sé.

Thug Netanyahu le fios nach bhfuil sé de chumas ag an Iaráin níos mó arm a dhéanamh agus nach bhfuil á n-úsáid acu faoi láthair ach seanairm a bhí i stóras.