Tá fear gafa ag na Gardaí faoi mharú fir sna seachtóidí i nDún Garbhán i gCo Phort Láirge tráthnóna inné.
Ionsaíodh an fear is sine taobh amuigh de theach cónaithe ar fheirm i mbaile fearainn na Ceapaí, deich gciliméadar siar ó Dhun Garbhán, go gairid tar éis 6 a chlog tráthnóna inné.
Bhí an fear gortaithe go han-dona faoin am a tháinig na seirbhísí éigeandála i gcabhair air, níor tháinig sé tríd agus bhásaigh sé ar an mball.
Gabhadh fear sna daichidí ag an teach agus tá sé á cheistiú ag na Gardaí ó shin.
Tuigtear go raibh aithne aige ar an té a maraíodh.
Tá an láthair caomhnaithe ag na Gardaí agus tá siad ag fanacht le torthaí an scrúdú iarbháis.
Is iad na Gardaí i nDún Garbhán atá i mbun an fhiosrúcháin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


