Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear gafa faoi mharú fir sna seachtóidí i gCo Phort Láirge

14 AIBREÁN 2026, 12:23

Is i mbaile fearainn na Ceapaí, siar ó Dhún Garbhán, a ionsaíodh an fear tráthnóna inné
X Facebook

Tá fear gafa ag na Gardaí faoi mharú fir sna seachtóidí i nDún Garbhán i gCo Phort Láirge tráthnóna inné.

Ionsaíodh an fear is sine taobh amuigh de theach cónaithe ar fheirm i mbaile fearainn na Ceapaí, deich gciliméadar siar ó Dhun Garbhán, go gairid tar éis 6 a chlog tráthnóna inné.

Bhí an fear gortaithe go han-dona faoin am a tháinig na seirbhísí éigeandála i gcabhair air, níor tháinig sé tríd agus bhásaigh sé ar an mball.

Gabhadh fear sna daichidí ag an teach agus tá sé á cheistiú ag na Gardaí ó shin.

Tuigtear go raibh aithne aige ar an té a maraíodh.

Tá an láthair caomhnaithe ag na Gardaí agus tá siad ag fanacht le torthaí an scrúdú iarbháis.

Is iad na Gardaí i nDún Garbhán atá i mbun an fhiosrúcháin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ