I gcruinniú Comhaireachta níos deireanaí inniu, pléifear moladh ón Aire Tithíochta James Browne agus ón Aire Stáit John Cummins díolúine ó chead pleanála a thabhairt do thithe modúlacha de mhéid áirithe i ngairdíní cúil.
Suas le 45 méadar cearnach an mhéid atá i gceist.
Níor mhór do na teachíní seo teacht leis na rialacháin tógála agus leis na caighdeáin atá ann cheana, de réir a bhfuil a bhfuil molta ag an mbeirt fhear.
Ina theannta sin, an té ar leis an príomhtheach, chaithfeadh sé a bheith ina chónaí ann; chaithfeadh fad áirithe a bheith idir an príomhtheach agus an teach modúlach; chaithfeadh bealaí isteach ar leith dá gcuid féin a bheith ag an dá áit; agus chaithfeadh méid áirithe a bheith sa ghairdín cúil ar an gcéad dul síos.
Tá sé ar intinn ag an Rialtas na tithe modúlacha seo a chur san áireamh sa scéim Seomra-ar-Cíos faoinar féidir le tiarna talún €14,000 in aghaidh na bliana a thuilleamh saor ó cháin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


