Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Rialacháin maidir le tithe modúlacha le plé ag an gComhaireacht

21 AIBREÁN 2026, 09:31

Cead tithe modúlacha a ligean ar cíos
X Facebook

I gcruinniú Comhaireachta níos deireanaí inniu, pléifear moladh ón Aire Tithíochta James Browne agus ón Aire Stáit John Cummins díolúine ó chead pleanála a thabhairt do thithe modúlacha de mhéid áirithe i ngairdíní cúil.

Suas le 45 méadar cearnach an mhéid atá i gceist.

Níor mhór do na teachíní seo teacht leis na rialacháin tógála agus leis na caighdeáin atá ann cheana, de réir a bhfuil a bhfuil molta ag an mbeirt fhear.

Ina theannta sin, an té ar leis an príomhtheach, chaithfeadh sé a bheith ina chónaí ann; chaithfeadh fad áirithe a bheith idir an príomhtheach agus an teach modúlach; chaithfeadh bealaí isteach ar leith dá gcuid féin a bheith ag an dá áit; agus chaithfeadh méid áirithe a bheith sa ghairdín cúil ar an gcéad dul síos.

Tá sé ar intinn ag an Rialtas na tithe modúlacha seo a chur san áireamh sa scéim Seomra-ar-Cíos faoinar féidir le tiarna talún €14,000 in aghaidh na bliana a thuilleamh saor ó cháin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ