Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Pfizer le 100 oibrí a ligean chun siúil i gCorcaigh

23 APRIL 2026, 10:04

Tá 4,500 duine fostaithe ag Pfizer in Éirinn
X Facebook

Tá an comhlacht cógaisíochta Pfizer le 100 fostaí a ligean chun siúil ó ionad an chomhlachta i Rinn an Scidígh i gCo Chorcaí.

Dúirt Pfizer go ndearnadh an cinneadh mar nach mbeidh an oiread ábhair á tháirgeadh san ionad agus atá faoi láthair.

Is i ráithe dheireanach na bliana a ligfear na fostaithe chun siúil, a dúradh.

Tá Pfizer bunaithe i Rinn an Scidígh ó 1969 agus tá 4,500 duine fostaithe ag an gcomhlacht idir an t-ionad déantúsaíochta ansin agus ionaid eile in Éirinn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ