Tá an comhlacht cógaisíochta Pfizer le 100 fostaí a ligean chun siúil ó ionad an chomhlachta i Rinn an Scidígh i gCo Chorcaí.
Dúirt Pfizer go ndearnadh an cinneadh mar nach mbeidh an oiread ábhair á tháirgeadh san ionad agus atá faoi láthair.
Is i ráithe dheireanach na bliana a ligfear na fostaithe chun siúil, a dúradh.
Tá Pfizer bunaithe i Rinn an Scidígh ó 1969 agus tá 4,500 duine fostaithe ag an gcomhlacht idir an t-ionad déantúsaíochta ansin agus ionaid eile in Éirinn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


