Tá ceathrar gafa mar chuid den fhiosrúchán dúnmharaithe atá ar bun i gCo.Uíbh Fhailí.
Bhásaigh beirt de bharr an ionsaithe a tharla ar theach cónaithe in Éadan Doire i mí na Nollag seo caite.
Beirt fhear sna fichidí, fear eile sna fichidí agus buachaill sna déaga atá gafa faoi Alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil.
Tá siad á gcoinneáil i stáisiúin éagsúla i lár tíre.
B'amhlaidh a caitheadh buama peitril leis an teach i bPáirc Radharc an Chaisleáin agus d'fhág sin Tadgh Farrell, buachaill óg 4 bliana d'aois agus Mary Holt, 60 bliain d'aois, sean-aintín de chuid an bhuachalla marbh.
Bhí Tadgh ar cuairt ag an am, agus bhí a sheanmháthair, Pauline Holt sa teach freisin ag an am.
Gortaíodh ise go dona san ionsaí a tharla ar an 6Nollaig 2025.
Is féidir na fir atá gafa a choinneáil ar feadh 7 lá.


