Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ceathrar gafa faoin ionsaí ar theach in Uíbh Fhailí anuraidh

28 AIBREÁN 2026, 22:38

Droch-bhail ar an teach in Éadan Doire inar dúnmharaíodh beirt i mí na Nollag 2025
X Facebook

Tá ceathrar gafa mar chuid den fhiosrúchán dúnmharaithe atá ar bun i gCo.Uíbh Fhailí.

Bhásaigh beirt de bharr an ionsaithe a tharla ar theach cónaithe in Éadan Doire i mí na Nollag seo caite.

Beirt fhear sna fichidí, fear eile sna fichidí agus buachaill sna déaga atá gafa faoi Alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil.

Tá siad á gcoinneáil i stáisiúin éagsúla i lár tíre.

B'amhlaidh a caitheadh buama peitril leis an teach i bPáirc Radharc an Chaisleáin agus d'fhág sin Tadgh Farrell, buachaill óg 4 bliana d'aois agus Mary Holt, 60 bliain d'aois, sean-aintín de chuid an bhuachalla marbh.

Bhí Tadgh ar cuairt ag an am, agus bhí a sheanmháthair, Pauline Holt sa teach freisin ag an am.

Gortaíodh ise go dona san ionsaí a tharla ar an 6Nollaig 2025.

Is féidir na fir atá gafa a choinneáil ar feadh 7 lá.