Tá ciontú fir i gcás dúnmharaithe curtha ar neamhní ag an gCúirt Achomhairc.
Gearradh príosún saoil ar Aaron Connolly i 2022 as dúnmharú an déagóra Cameron Reilly i gCo.Lú 4 bliana roimhe sin.
3 bliana dá théarma príosún atá caite ag Aaron Connolly sa phríosún cheana féin ach rialaigh An Chúirt Achomhairc inniu go raibh easpa cothromaíochta sa treoir a thug breitheamh na trialach don ghiúiré.
Bhí pléadáilte neamhchiontach ag Connolly as Baile Bhuilí, Droim Chora i gCo. Lú i ndúnmharú Cameron Reilly ag Cnoc na Seamróige,Baile Bhuilí, Droim Chora sa chontae i 2018.


