Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ciontú fir i gcás dúnmharaithe curtha ar neamhní

18 BEALTAINE 2026, 14:38

Aaron Connolly
X Facebook

Tá ciontú fir i gcás dúnmharaithe curtha ar neamhní ag an gCúirt Achomhairc.

Gearradh príosún saoil ar Aaron Connolly i 2022 as dúnmharú an déagóra Cameron Reilly i gCo.Lú 4 bliana roimhe sin.

3 bliana dá théarma príosún atá caite ag Aaron Connolly sa phríosún cheana féin ach rialaigh An Chúirt Achomhairc inniu go raibh easpa cothromaíochta sa treoir a thug breitheamh na trialach don ghiúiré.

Bhí pléadáilte neamhchiontach ag Connolly as Baile Bhuilí, Droim Chora i gCo. Lú i ndúnmharú Cameron Reilly ag Cnoc na Seamróige,Baile Bhuilí, Droim Chora sa chontae i 2018.