Tá sé i gceist ag an Aire Fiontair Peter Burke uasmhéid a leagan síos ar an chúiteamh is féidir le daoine a éileamh i gcásanna mionghortuithe pearsanta.
Is cuid í an teorainn seo de iarracht an rialtais costas árachais a laghdú.
Tá comhairle an Ardaighne iarrtha ag an Aire Burke ar an cheist.
Creideann an tAire go bhfuil an costas a bhaineann le cásanna áirithe cúitimh i bhfad ró-ard i gcomparáid le roinnt mhaith tíortha eile.
Cuireadh a leithéid de theorainn i bhfeidhm i Sasain agus sa Bhreatain Bheag i 2018 i gcásanna ar éileamh do ghortuithe fuiplaisc agus fíochán bog.
Uasmhéid de £4,975 is féidir le duine a éileamh ar mhionghortuithe.
Anseo €9,693 an meán shuim airgid a cheadaíonn an Bord um Réiteach Díobhálacha Pearsanta.
Dúirt an tAire Burke go nglactar le níos lú ná 40% de na tairiscintí sin agus go dtéann iarrthóirí ar aghaidh chuig na cúirteanna áit a socraíonn formhór na gcomhlachtaí árachais an cás ar chostas i bhfad níos aird.
Tá sé i gceist go réiteodh an tsrian atá á mholadh an fhadhb seo, mar go mbeidh feidhm aige i gcás dámhachtain an Bhoird um Réiteach Díobhálacha Pearsanta agus na gcúirteanna araon.


