Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Teorainn le cur ar chúiteamh árachais do mhionghortuithe

04 SAMHAIN 2026, 12:01

I Sasain agus sa Bhreatain Bheag £4,975 is féidir le duine a éileamh ar mhionghortuithe. €9,693 an meán shuim airgid a cheadaítear anseo
X Facebook

Tá sé i gceist ag an Aire Fiontair Peter Burke uasmhéid a leagan síos ar an chúiteamh is féidir le daoine a éileamh i gcásanna mionghortuithe pearsanta.

Is cuid í an teorainn seo de iarracht an rialtais costas árachais a laghdú.

Tá comhairle an Ardaighne iarrtha ag an Aire Burke ar an cheist.

Creideann an tAire go bhfuil an costas a bhaineann le cásanna áirithe cúitimh i bhfad ró-ard i gcomparáid le roinnt mhaith tíortha eile.

Cuireadh a leithéid de theorainn i bhfeidhm i Sasain agus sa Bhreatain Bheag i 2018 i gcásanna ar éileamh do ghortuithe fuiplaisc agus fíochán bog.

Uasmhéid de £4,975 is féidir le duine a éileamh ar mhionghortuithe.

Anseo €9,693 an meán shuim airgid a cheadaíonn an Bord um Réiteach Díobhálacha Pearsanta.

Dúirt an tAire Burke go nglactar le níos lú ná 40% de na tairiscintí sin agus go dtéann iarrthóirí ar aghaidh chuig na cúirteanna áit a socraíonn formhór na gcomhlachtaí árachais an cás ar chostas i bhfad níos aird.

Tá sé i gceist go réiteodh an tsrian atá á mholadh an fhadhb seo, mar go mbeidh feidhm aige i gcás dámhachtain an Bhoird um Réiteach Díobhálacha Pearsanta agus na gcúirteanna araon.