Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Eitilt Aer Lingus i measc 14 eitilt a fuair rabhadh slándála

05 NOVEMBER 2026, 13:53

Paisinéirí ag teacht d'eitilt EI402 Aer Lingus ag aerstráice Evreux i dtuaicseart na Fraince ar maidin
X Facebook

B'éigean eitleáin troda as an Iodáil, an Fhrainc agus an Bhulgáir a chur san aer inniu le tionlacan a thabhairt do ar a laghad 14 eitleán tráchtála a ndearnadh bagairtí bréagacha slándála orthu - eitleán de chuid Aer Lingus ina measc.

Seo an tríú lá ó thús na seachtaine tugadh 20 rabhadh slándála do aerlínte ó thíortha a bhí ag eitilt amach is isteach as an Bhulgáir, an Iodáil agus Poblacht na Seice - tugadh 7 rabhadh do Ryanair.

B'éigean eitleán de chuid Aer Lingus a bhí ar a bhealach chuig an Róimh a chur ar mhalairt cúrsa chuig aerstráice míleata sa Fhrainc de bharr rabhadh slándála.

D'fhág eitilt EI402 Aerfort Bhaile Átha Cliath ar a 6.24 ar maidin ar a bealach chuig aerfort Fiumicino na Róimhe.

Bhí 151 paisinéir agus seisear de chriú ar bord an eitleáin a thuirling ag aerstráice míleata Evreux ó dheas de chathair Rouen. Aistríodh iad go léir chuig áit shábháilte agus tá aonad diúscartha buamaí ar an láthair.

Chuir aerfhórsa na Fraince eitleáin san aer chomh luath is a fuair siad tuairisc faoin bhagairt ar eitleán Aer Lingus.

Dúirt an aerlíne go bhfuil siad ar theann a ndíchill ag iarraidh na paisinéirí a thabhairt fhad lena gceann scríbe chomh luath agus is féidir.

Cuireadh rabhadh buama chuig ar a laghad seacht n-eitilt agus long pléisiúir amháin Dé Máirt ach ní thánagthas ar aon ghairis.