B'éigean eitleáin troda as an Iodáil, an Fhrainc agus an Bhulgáir a chur san aer inniu le tionlacan a thabhairt do ar a laghad 14 eitleán tráchtála a ndearnadh bagairtí bréagacha slándála orthu - eitleán de chuid Aer Lingus ina measc.
Seo an tríú lá ó thús na seachtaine tugadh 20 rabhadh slándála do aerlínte ó thíortha a bhí ag eitilt amach is isteach as an Bhulgáir, an Iodáil agus Poblacht na Seice - tugadh 7 rabhadh do Ryanair.
B'éigean eitleán de chuid Aer Lingus a bhí ar a bhealach chuig an Róimh a chur ar mhalairt cúrsa chuig aerstráice míleata sa Fhrainc de bharr rabhadh slándála.
D'fhág eitilt EI402 Aerfort Bhaile Átha Cliath ar a 6.24 ar maidin ar a bealach chuig aerfort Fiumicino na Róimhe.
Bhí 151 paisinéir agus seisear de chriú ar bord an eitleáin a thuirling ag aerstráice míleata Evreux ó dheas de chathair Rouen. Aistríodh iad go léir chuig áit shábháilte agus tá aonad diúscartha buamaí ar an láthair.
Chuir aerfhórsa na Fraince eitleáin san aer chomh luath is a fuair siad tuairisc faoin bhagairt ar eitleán Aer Lingus.
Dúirt an aerlíne go bhfuil siad ar theann a ndíchill ag iarraidh na paisinéirí a thabhairt fhad lena gceann scríbe chomh luath agus is féidir.
Cuireadh rabhadh buama chuig ar a laghad seacht n-eitilt agus long pléisiúir amháin Dé Máirt ach ní thánagthas ar aon ghairis.


