Tá beirt básaithe i dtimpistí bóthair ó thráthnóna inné.
Coisithe atá i gceist sa dá chás.
Gortaíodh fear os cionn 60 bliain d'aois nuair a leag feithicil é i mBéal an Átha,Co.Mhaigh Eo agus bhásaigh sé san ospidéal ina dhiaidh sin.
Tharla an timpiste sin ag 09.25 aréir ar Shráid Mhic Diarmuda,
Measann na gardaí gur gluaisrothar streachailte nó 'scrambler' a bhuail faoi.
D'fhág an tiománaí láthair na timpiste.
Agus i gContae an Chláir tráthnóna inné maraíodh bean os cionn 60 bliain d'aois nuair a bhuail carr ise freisin.
Thart ar 5.40 a tharla an timpiste ar Bhóthar an Leachta in Inis.
Tá an dá bhóthar inar tharla na timpistí tragóideacha seo dúnta ar maidin.
Tá na gardaí i mbun fiosraithe.


