Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Beirt eile marbh ar na bóithre

21 SAMHAIN 2026, 14:02

Bóithre dúnta i gceantair Bhéal an Átha agus in Inis fad is atá gardaí ag fiosrú
X Facebook

Tá beirt básaithe i dtimpistí bóthair ó thráthnóna inné.

Coisithe atá i gceist sa dá chás.

Gortaíodh fear os cionn 60 bliain d'aois nuair a leag feithicil é i mBéal an Átha,Co.Mhaigh Eo agus bhásaigh sé san ospidéal ina dhiaidh sin.

Scene of fatal hit-and-run on McDermott Street in Ballina
Gardaí ag fiosrú i mBéal an Átha

Tharla an timpiste sin ag 09.25 aréir ar Shráid Mhic Diarmuda,

Measann na gardaí gur gluaisrothar streachailte nó 'scrambler' a bhuail faoi.

D'fhág an tiománaí láthair na timpiste.

Agus i gContae an Chláir tráthnóna inné maraíodh bean os cionn 60 bliain d'aois nuair a bhuail carr ise freisin.

Crash scene on the N85 on Lahinch Road in Ennis
Bóthar an Leachta, an áit ar bhuail carr faoi bhean inné á marú

Thart ar 5.40 a tharla an timpiste ar Bhóthar an Leachta in Inis.

Tá an dá bhóthar inar tharla na timpistí tragóideacha seo dúnta ar maidin.

Tá na gardaí i mbun fiosraithe.