Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Underdogs 2023

Tá UNDERDOGS sraith chlúiteach TG4 ar ais le Sacar na mBan!

 

Cliceáil an cnaipe thíos chun iarratas a dhéanamh:
 


 
Táthar ag athrú spóirt do Underdogs TG4 agus an tsraith iomráiteach anois ag thabhairt aghaidh ar Shacar na mBan!
 
Fad is a bheith foireann sacair na hÉireann ag tabhairt a haghaidh anonn ar an Astraláise do Chorn Domhanda FIFA na mBan 2023, beidh deis den scoth ag imreoirí ag bunleibhéal na gcumann dul ag imirt leis na foirne móra.
 
Tá Adare Productions agus TG4 sa tóir ar scuad de mhná uaillmhianacha atá sách cumasach, díocasach agus díograiseach le haghaidh ar thabhairt ar cheann de na foirne is fearr i bPríomhroinn SSE Airtricity na mBan.
 
An bhfuil an cumas sin ionatsa áit a bhaint amach ar an bhfoireann agus an bua a bheith agaibh?
 
Is féidir iarratas a dhéanamh anois!

 
Cé atá ábalta iarratas a dhéanamh?

  • Ní féidir le daoine a bhí ag imirt go gníomhach i bPríomhroinn SSE Airtricity na mBan le 3 shéasúr anuas iarratas a dhéanamh.
  • Ní féidir le daoine a d’imir ar Leibhéal Idirnáisiúnta Sinsearach iarratas a dhéanamh.
  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar an 3 Meitheamh 2023.

 
Fáilteoidh TG4 agus Adare Productions roimh iarratais anois do shraith 2023 de Underdogs. Beidh trialacha ar siúl ar fud na tíre i mí Meithimh 2023.

 

 
 
Cliceáil an cnaipe thíos chun iarratas a dhéanamh: