Skip to main content

Ros na Rún

Máir
8.30pm
Déar
8.30pm
     

Gach Máirt & Déardaoin @ 5.30pm & 8.30pm

Fógraíocht

Ros na Rún 22-66

Rátáil Tuismitheora: G

Bíonn beartán beag ag fanacht le Jason nuair a fhilleann sé féin agus Cuán abhaile as BÁC. Tá Jason go mór ag iarraidh a fháil amach an leis Jay agus tá Katy trína chéile! Níl Caitríona agus Vince ar aon aigne faoin bhfíseán do Ghradaim 'Anam an Iarthair'. Tá líon éisteoirí an Raidió Pobail ag méadú go sciobtha agus ceaptar eagarthóir físeán nua. Spreagann an gaisce atá á dhéanamh ag Ferdia John Joe le gnó nua a bhunú. Tá Nóirín ag iarraidh bheith mór lena cuid iníonacha agus tá Dee thar a bheith sásta faoi sin.

Chéad Taispeántas: 19 Aib

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Ros na Rún

Dé Máirt – 24.04 @ 5.30pm & 8.30pm
Tá Katy agus Jason ar a suaimhneas tar éis oíche a chaitheamh in éineacht in óstán. Ach ní fada go bhfaighidh siad scéala a scriosfaidh an saol orthu. Tá Gráinne agus Laoise ag ullmhú do Ghradaim ‘Anam an Iarthair’ agus iarrann siad ar Pheatsaí cúnamh a thabhairt dóibh. Ní hé John Joe an fear céanna ar chor ar bith anois ó cheannaigh sé dhá chaidéal peitril ó Mhicheál. Tá an iasacht faighte aige agus é réidh le dul i mbun gnó. Ach ní mar a shíltear a bítear nuair a chastar Micheál air. Céard a dhéanfaidh John Joe bocht anois?
www.rosnarun.com

Facebook: www.facebook.com/rosnarun
Twitter: twitter.com/RosnaRun/
Instagram: www.instagram.com/RosnaRun1
Snapchat: rosnaruntg4 www.snapchat.com/add/rosnaruntg4

Físeáin ar Fáil