Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 25 Meitheamh

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 176

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Olivia (GS)

    Olivia (GS)Sraith 1, Eipeasóid 50

    Morthaíbhaiseach Oighir Olivia

    Nuair a chuirtear an seó a bhí Olivia ag iarraidh a fheiceáil ar ceal cuireann sí féin seó scátála ar oighear ar siúl.

  • 7:13AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 2, Eipeasóid 16

    Éan Imithe Amú

    Tabharfaidh Buddy agus Tiny cuairt ar charr nua na traenach, an Éanlann.

  • 7:25AM
    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár

    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe DineasárSraith 1, Eipeasóid 42

    Cá bhfuil Ruiséal?

    Bíonn Féasóg trína chéile nuair a théann Ruiséal amú.

  • 7:37AM
    Wanda and the Alien

    Wanda and the AlienSraith 1, Eipeasóid 16

    Cáca Cloiche

    Lá na Máithreacha atá ann agus tá Wanda agus Eachtrán ag iarraidh gairdín clocharach a dhéanamh do mhamaí ach tá bláthanna ag teastáil uathu chun é a chríochnú.

  • 7:47AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 16

    An Sioráf Spalptha

    Tá Gearóidín an sioráf spalptha ach níl sí in ann dul chomh fada leis an uisce. Tabharfaidh Wissper agus na piongainí cúnamh di.

  • 7:55AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 29

    Tom i bhfolach

    Caithfear Tom a aimsiú nuair a théann Rev i bhfostú ar an lá spraoi agus cluichí.

  • 8:05AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 8

    Lá sa Teachín

    Tá Pip agus Streak ag iarraidh teachín a thógáil do gach duine sa chlós.

  • 8:12AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 16

    Furchester ar Scátaí

    Tá Funella ag iarradh go bhfaighidh aíonna an óstáin an tseirbhís is fearr.

  • 8:24AM
    Is Ait an Mac é Mús

    Is Ait an Mac é MúsSraith 1, Eipeasóid 16

    Clársciáil

    Féachann Jeaicín le dul i bhfeidhm ar ghrianghrafadóir leis an iris 'Clársciáil Mhíosúil', ach ní éiríonn leis.

  • 8:31AM
    Zou

    ZouSraith 2, Eipeasóid 16

    Zou an Ceoltóir

    Taitníonn go leor uirlisí ceoil le Zou. Is breá leis uirlisí nua a sheinm, ach ní féidir leis a shocrú cén ceann is fearr leis. Féachann sé len iad uilig a sheinn ag an am céanna.

  • 8:44AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 12

    Ag Malartú

    Nuair a thagann Béar chuige féin ó bhuille sa chloigeann, bíonn sé ag aithris ar Masha.

  • 8:50AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 29

    Lámh Chúnta

    Tá Dot agus Hal ag iarraidh cúnamh a thabhairt do dhaoine.

  • 9:02AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 28

    Greim Daingean

    Níl Nic in ann greim a choinneáil ar na barraí moncaí.

  • 9:15AM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 16

    Cé a ghoid an Diamaint?

    Tá Alvin ag ceapadh gur gadaí seod í a chomharsan Bean Croner.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 95

    An Dath Turtar

    Ar chlár an lae inniu, beidh firéad ag léim, moncaí a bhfuil faitíos air agus cat a cheapann gur madra é.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 16

    Second Chance

    Tagann iarfhear céile Hester-Sue ar ais á hiarraidh. Deir sé go bhfuil a chuid bealaí athraithe aige.

  • 10:58AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 17

    Days of Sunshine, Days of Shadow (Part 1)

    Scriosann stoirm an fómhar ar Laura agus ar Almanzo. Barr ar an mí-ádh faigheann Almanzo stróc agus buaileann tinneas an pháiste Laura.

  • 12:15PM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 4, Eipeasóid 5

    Mozzarella and the Cheeses of Campania Italy

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Mozzarella agus Campania na hIodáile a bheidh faoi chaibidil ag Will inniu. Tabharfaidh Will a aghaidh ar cheantar Campania chun cáiseanna grutha na háite a fheiceáil. As bainne amh caorach a dhéantar an cháis seo agus aibítear í i gcrúsca terracotta. Taispeánfaidh Cuntaois dó leis an bpíotsa tine adhmaid is fearr a dhéanamh. Fiosróidh sé ansin mar a dhéantar cáis Caciocavallo, cáis ghrutha thraidisiúnta a dhéantar as bainne bó.

  • 12:40PM
    Dúiche (OS & TS)

    Dúiche (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 5

    Caithfimid súil siar ar chuid de na scéalta a bhí againn ar an gclár le blianta beaga anuas. Ar an gclár seo tabharfaimid cuairt ar Chontae Chiarraí, áit a gcasfaimid leis an bhfeirmeoir Seán Ó Cuinn a thugann a chuid móna abhaile mar a rinne a athair agus a sheanathair roimhe, le hasal agus cliabh. Rachaimid as sin go Gaillimh chuig ionad eachtraíochta Eile Mental. Go Contae Chorcaí ar deireadh, áit a mbeidh an chéad Choinbhinsiún do Dhaoine a bhfuil Gruaig Rua orthu in Éirinn ar siúl.

  • 1:10PM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 6, Eipeasóid 11

    The Perfect Dress

    Sraith Ghrinn Drámaíochta. Tugann Luke cuairt ar Anna ó tharla go bhfuil a fhios aige anois go bhfuil iníon acu. Tá gúna pósta aimsithe ag Lorelai agus dáta socraithe aici ach tá imní uirthi go mbeidh mí-ádh ar an lá mór. Tá Rory ar ais in Ollscoil Yale agus í sona sásta ina hárasán nua in éineacht le Paris. Tá Doyle ag iarraidh Logan a sheachaint.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 27

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 2

    Codladh an Gheimhridh

    Tá an Béar ag iarraidh codladh ar feadh an gheimhridh ach ní tharlóidh sé sin agus Masha thart!

  • 3:09PM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 15

    Rúbaí

    Is héileacaptar tarrthála faoi oiliúint í Rúbaí ach ní shábhálann sí an duine ceart riamh! An mbeidh Olly in ann cúnamh a thabhairt di?

  • 3:14PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 10

    Plean Maith Oighir Gekko

    Níl cairde Gekko ag tabhairt aird ar bith air.

  • 3:26PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 15

    Réabhlóid na Seangán

    Goideann na seangáin cáca speisialta Ghionaíola agus téann na cairde ina ndiaidh chun é a fháil ar ais.

  • 3:38PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 17

    An tEireaball Is Fearr Liom

    Beidh Nic agus Sailí ag imirt an chluiche 'Cuir an tEireaball ar an Asal'.

  • 3:54PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:55PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 50

    Teach na Leaids

    Ní thaitníonn sé leis na hioraí talún go bhfuil Dáithí ag caitheamh an oiread ama le Nuala agus féachann siad len iad a scaradh óna chéile.

  • 4:06PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 42

    Saothraíonn Dónall Dána Airgead

    Féachann Dónall le hairgead a shaothrú ach ní éiríonn lena phlean.

  • 4:17PM
    Jamie's Got Tentacles

    Jamie's Got TentaclesSraith 1, Eipeasóid 15

    Braiteoga Nua

    Céard atá ag tarlú do bhraiteoga Jamie?

  • 4:30PM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 41

    Brionglóidí Ham

    Téann Winston agus Dudley isteach i mbrionglóidí Ham go bhfaighidh siad amach cá bhfuil bronntanais bhreithlae Winston curtha i bhfolach aige.

  • 4:40PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Ar an gclár inniu beidh an béile éisc is contúirtí a d'fhéadfá a ithe! Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:10PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 15

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Inniu, féachfaidh duine leis an rud is faide agus is féidir a choinneáil ar a shrón. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:26PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 150

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:28PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 17, Eipeasóid 6

    Child in the Meadow

    Cailín beag ina suí i móinéar is ábhar do phictiúr an lae inniu.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 27

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 176

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 176

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Hup! (OS & TS)

    Hup! (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 6

    Port Chluain Eoghain

    An dara séasúr den tsraith fhuinniúil spreagúil seo, 13 clár a taifeadadh ar an láthair inarb é an ceol féin bun agus barr an scéil - níl láithreoir ná caint ná tráchtaireacht anseo - níl ann ach scoth an cheoil ó bhláth na gceoltóirí is fearr sa tír - agus bainfidh tú lán na súl freisin as cuid de na láithreacha iontacha ina bhfuil an ceol á sheinm. I bPort Chluain Eoghain i gCo. Aontroma a bheimid an tseachtain seo ar a mbeidh píosa breá ceoil ó bhanna ceoil as Béal Feirste a bhfuil clú agus cáil air, Réalta, agus grúpa as Luimneach a bhfuil go leor duaiseanna buaite acu, Goitse.

  • 8:00PM
    GAA 2018

    GAA 2018Sraith 18, Eipeasóid 21

    Súil siar ar na cluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine.

  • 9:00PM
    Féilte - Slí an Atlantaigh (OS)

    Féilte - Slí an Atlantaigh (OS)Sraith 4, Eipeasóid 5

    An Spidéal go Cinn Mhara

    Ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a bheidh Féilte i mbliana agus is sa Spidéal agus i gCinn Mhara i nGaillimh a bheimid an tseachtain seo. Beidh neart ceoil agus damhsa againn, togha agus rogha an bhia áitiúil agus turas ar ghrúdlann nua atá lonnaithe i nGaillimh. Beidh seans ag an lucht féachana sa bhaile saoire a bhuachan sa Spidéal. Á chur i láthair ag Síle Ní Bhraonáin.

  • 9:30PM
    Scannán: Brothers (TS)

    Scannán: Brothers (TS)

    (2009, Dráma, Scéinséir) Jake Gyllenhaal, Natalie Portman agus Tobey Maguire na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Jim Sheridan. Tugann fear óg sólás do bhean agus do ghasúir a dhearthár atá ar iarraidh san Afganastáin.

  • 11:25PM
    Crainn na hÉireann (OS & TS)

    Crainn na hÉireann (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Crab Apple & Hazel Trees

    An crann fia-úll agus an crann coill is ábhar do chlár na seachtaine seo á chur i láthair ag Manchán Magan. Fiosróidh Manchán na traidisiúin a bhaineann leis an bhfómhar go háirithe traidisiúin na Samhna. Fiosróidh sé an nós a bhíodh ann fadó barrscoitheadh a dhéanamh ar chrainn, rud atá á dhéanamh anois arís agus fiosróidh sé an úsáid a bhaintí as an gcoll le tithe a dhéanamh fadó.

  • 11:55PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 176

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:00AM
    The Vampire Diaries (TS)

    The Vampire Diaries (TS)Sraith 7, Eipeasóid 10

    Hell is Other People

    Tá Julian ag iarraidh díoltas a fháil le haghaidh bás Lily agus is é Damon a bhíonn siar leis nuair a dhúisíonn sé suas sáinnithe i gCloch Féinics. Chun teacht slán as an gcloch, caithfidh Damon aghaidh a thabhairt ar an rud is mó a chuireann eagla air. Taobh amuigh den chloch tá Bonnie ag déanamh a míle dícheall Damon a fháil amach as an gcloch Féinics sula n-athróidh an taithí go deo é.

  • 0:50AM
    The Vampire Diaries (TS)

    The Vampire Diaries (TS)Sraith 7, Eipeasóid 11

    Things We Lost in the Fire

    Féachann Stefan le cúnamh a thabhairt do Damon ach tá a chuid fadhbanna féin ag Stefan de bharr Chloch Féinics. Glacann Julian agus a chuid fear seilbh ar Mystic Falls agus is iad Matt agus Bonnie a bhíonn siar leis. Bíonn Matt i dtrioblóid le póilín darb ainm Penny.

  • 1:40AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 176

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.