Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 16 Iúil

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 197

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Olivia (GS)

    Olivia (GS)Sraith 2, Eipeasóid 15

    Dreigechith

    Is fada le Olivia go bhfeicfidh sí an dreigechith ach níl Mama, Daide ná Ian in ann fanacht ina ndúiseacht!

  • 7:13AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 2, Eipeasóid 31

    Aibítir na nDineasár/Rangú

    Foghlaimíonn na páistí faoi rangú agus tosaíonn Don ag eagrú na nDineasár ar an traein de réir a gcineáil, a dtréithe agus a méide.

  • 7:25AM
    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár

    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe DineasárSraith 1, Eipeasóid 5

    Scuid Mhór

    Casann Captaen Flinn agus a chriú le scuid mhór millteach a dtaitníonn custard Fhéasóige go mór leis.

  • 7:37AM
    Wanda and the Alien

    Wanda and the AlienSraith 1, Eipeasóid 31

    Cosáin Nua

    Tá Wanda agus Eachtrán ar thuras timpeall Qbhaile. An mbeidh siad in ann a mbealach a dhéanamh ar ais?

  • 7:47AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 31

    Mistéir na Luch

    Tagann an-imní ar Mharcus nuair nach mbíonn sé in ann teacht ar Laoise an luchín. An mbeidh Wissper agus a cairde in ann teacht uirthi?

  • 7:55AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 50

    Ubh Mhistéireach

    Péinteálann Matt cathaoir do Fi agus bíonn sa tóir ansin ar rudaí eile le péinteáil. Tá Tom ag tabhairt aire d'ubh mhistéireach.

  • 8:05AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 23

    Damhsa sa Scioból

    Tá Pip agus Streak ag eagrú damhsa sa scioból ach níl Fraidy in ann damhsa.

  • 8:12AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 31

    Síníonn Seangán Isteach

    Is mór an áit é Óstán Furchester ag siongáinín.

  • 8:24AM
    Is Ait an Mac é Mús

    Is Ait an Mac é MúsSraith 1, Eipeasóid 31

    Ag Surfáil Eitleoige

    Tá Jeaicín ag iarraidh a thaispeáint do Greg an Ghaisce Mhóir go bhfuil sé féin go maith ag surfáil eitleoige freisin.

  • 8:31AM
    Zou

    ZouSraith 2, Eipeasóid 31

    Garraí Zou

    Tagann cuairteoir go dtí garraí glasraí Dhaideo agus féachann Zou le baile nua a fháil dó.

  • 8:44AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 2

    Codladh an Gheimhridh

    Tá an Béar ag iarraidh codladh ar feadh an gheimhridh ach ní tharlóidh sé sin agus Masha thart!

  • 8:50AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 50

    Gnó Sneachta

    Tá Dot ag iarraidh airgead a dhéanamh as sneachta.

  • 9:02AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 53

    Ag Fanacht Fuar

    Tá sé an-te inniu. Meas tú cén chaoi a bhfanfaidh Sailí agus Nic fuar?

  • 9:15AM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 31

    Bí Cúramach!

    Níl aon chead ag Alvin carr spóirt a cheannach agus mar sin cuireann sé ina luí ar Simon ceann díreach cosúil léi a dhéanamh dó.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 58

    Dhá Ghob Mar a Chéile

    Ar chlár an lae inniu beidh panda ar maith leis a bheith ag spraoi, ostrais a bhfuil ocras air agus castar cat ar fhaoileán.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    The Raccoon

    Faigheann Mary racún do Laura nuair a bhriseann sí a bábóg ghloine. Bíonn Laura an-sásta leis an racún agus féachann sí lena thraenáil. Tugann sí léi chuig an scoil é ach ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn an racún trína chéile agus go mbíonn greim bainte aige as Laura agus as Jack.

  • 10:58AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    The Voice of Tinker Jones

    Cuireann an tOirmhinneach Alden an baile ar fad trína chéile nuair a bhíonn sé ag iarraidh cloigín don séipéal. Tairgeann Bean Oleson cloigín mór atá aici féin dó chomh maith le plaic mar chomóradh ar an ócáid. Ní bhíonn muintir an bhaile in ann socrú céard is ceart a dhéanamh.

  • 11:55AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 5, Eipeasóid 7

    Cheeses of Provence

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Banon agus Brousse du Rove a bheidh faoi chaibidil inniu. Tabharfaidh Will a aghaidh ar Provence in Oirdheisceart na Fraince le blaiseadh de Banon, cáis bhainne gabhair thraidisiúnta le crústa duilleoga chrann cnó capaill agus blaisfidh sé ansin de cháis neamhchoitianta, Brousse du Rove. Rachaidh sé ansin ó thuaidh go Vercors le St Marcellin a fhiosrú áit a dtagann sé ar cháis ghabhair thirim an-speisialta.

  • 12:25PM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 14, Eipeasóid 9

    Súil siar ar imeachtaí an lae ón 9ú céim.

  • 1:05PM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 6, Eipeasóid 21

    Driving Miss Gilmore

    Sraith Ghrinn Drámaíochta. Caitheann Lorelai cúnamh a thabhairt do Emily tar éis obráid bheag ar a cuid súl. Scaoileann sí le rún a chuireann iontas ar Lorelai. Tá Rory ag tabhairt aire na gcéad do Luke atá tagtha abhaile as an ospidéal. Cuidíonn Luke lena dheirfiúr Liz, atá ag súil le páiste, agus lena fear, T.J., dul i ngleic leis an scéala.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 12

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 13

    Hide and Seek is not for the Weak!

    Tá an Béar céasta ag Masha atá ag iarraidh go n-imreoidh siad folach bíog.

  • 3:09PM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 25

    Plimpán faoi Bhláth

    Tá Comórtas na mBláthanna ar siúl i bPlimpán ach rinne Stan dearmad glan air. An mbeidh sé féin agus Olly in ann rud éigin a réiteach in am don chomórtas?

  • 3:14PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 22

    Gekko agus Cairrín Gheiceo ar iarraidh

    Níl Gekko ag tabhairt mórán aire dá chuid rudaí.

  • 3:26PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 25

    Meallta ag Réalta

    Tá na cairde chun na réaltaí a fhiosrú anocht agus tá súil acu go bhfeicfidh siad réalta reatha.

  • 3:38PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 29

    Léim Níos Airde

    Tá balún Shailí i bhfostú sa chrann agus níl sí féin ná Nic in ann léim sách ard len é a fháil.

  • 3:55PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 9

    Scannán Jeanette

    Tá Jeanette ag iarraidh scannán a thaifeadadh do chomórtas scoile agus tá sí ag iarraidh go mbeidh an príomhpháirt ag Dáithí.

  • 4:06PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 52

    Glanann Dónall Dána Suas

    Tá Dónall agus Learaí in iomaíocht faoi cé acu atá in ann a seomra a choinneáil néata.

  • 4:17PM
    Jamie's Got Tentacles

    Jamie's Got TentaclesSraith 1, Eipeasóid 25

    Leathcheann Jamie

    Ní leor Jamie amháin.

  • 4:30PM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 51

    An Cigire

    Nuair a dhúnann cigire sláinte Caifé Cutty, bíonn a fhios ag Winston go bhfuil baint ag Pam leis. Ach an féidir leis é sin a chruthú?

  • 4:41PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh - gabhar atá in ann scátáil ina measc! Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:11PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 5, Eipeasóid 11

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Féachfaidh iomaitheoir amháin a bheith ar an té is tapa le bonn a iompú riamh. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:25PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 168

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:28PM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 13, Eipeasóid 1

    Súil siar ar bhuaicphointí na seachtaine ó Tour de France 2018.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 12

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 197

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 197

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    Athletics Live - Cork City Sports

    Athletics Live - Cork City Sports

    Craoladh beo ar an 66ú Tionól Lúthchleasaíochta Idirnáisiúnta de chuid Spórt Chathair Chorcaí as Staid Lúthchleasaíochta Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, Baile an Easpaig i gCathair Chorcaí. Rachaidh na fir i gcomórtas lena chéile sa rás 100m, 200m, 800m, 1 mhíle, 3000m, an cliathrás 400m, siúl 3000m an Léim Ard, an Léim Fhada, caitheamh meáchain. I measc imeachtaí na mban beidh rás 100m, 200m, 800m, 3000m, an Léim Ard agus caitheamh an oird. Ag an Tionól i 1987, bhain Sonia O'Sullivan curiarracht amach sa rás 3000m agus ba é an rás sin a tharraing clú uirthi an chéad lá riamh.

  • 9:00PM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 14, Eipeasóid 10

    Súil siar ar an gcéim is déanaí den Tour de France.

  • 9:30PM
    GAA 2018

    GAA 2018Sraith 18, Eipeasóid 24

    Súil siar ar na cluichí CLG a imríodh ar an deireadh seachtaine.

  • 10:30PM
    Scannán: The Fountain (TS)

    Scannán: The Fountain (TS)

    (2006, Dráma) Hugh Jackman, Rachel Weisz agus Sean Patrick na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Darren Aronofsky. Is eolaí nua-aimseartha é Tommy ar ábhar buartha dó cúrsaí tinnis agus báis. Tá a bhean ag fáil bháis le hailse agus tá seisean ar a mhíle dhícheall ag iarraidh leigheas a fháil.

  • 0:15AM
    Crainn na hÉireann (OS & TS)

    Crainn na hÉireann (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Nádúrú na gcrann nach crainn dhúchasacha iad ach a tháinig isteach le gluaiseacht daoine is ábhar do chlár na seachtaine seo á chur i láthair ag Manchán Magan. Breathnóidh sé ar chrainn ar nós an crann cnó capaill, an seiceamar, an feá agus an plána Londan. Ba láithreacha trialacha agus tástála do chrainn andúchasacha iad gairdíní ar nós Kilmacurragh i gCo. Chill Mhantáin sa naoú haois déag - agus iad ag iarraidh a fháil amach an bhfásfaidh crainn ón Áise agus as Meiriceá anseo.

  • 0:45AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 197

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:50AM
    The Vampire Diaries (TS)

    The Vampire Diaries (TS)Sraith 7, Eipeasóid 17

    I Went to the Woods

    Tuigeann Stefan, nuair a dhúisíonn sé, go bhfuil sé i gcontúirt mhór. Tuigeann Damon go bhfuil díobháil mhór déanta aige féin ach ní stopfaidh sé go dtabharfaidh sé Stefan slán. Téann Valerie go Dallas chun cúnamh a fháil ó Alaric le Stefan a chuardach.

  • 1:40AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 197

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.