Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Céadaoin 14 Samhain

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 318

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 3

    Mofy an File

    Tá Mofy ag iarraidh go léifidh a cairde an dán a scríobh sí ach níl duine ar bith ag tabhairt aon airde uirthi.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 4

    Níl aon eagla orm

    Tá faitíos ar Mofy dul a chodladh léi féin mar go bhfuil sé an-ghaofar amuigh.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 8

    Lá sa Teachín

    Tá Pip agus Streak ag iarraidh teachín a thógáil do gach duine sa chlós.

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 1

    Ag Breith ar Réaltaí

    Feiceann Bobble réalta uaigneach sa spéir agus cruthaíonn na hOlobobanna 'Spéireadóir' le go mbeidh siad in ann dul chomh fada léi.

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 49

    An Damhsa

    Tá Fi ag dul chuig damhsa na bhfeirmeoirí agus caithfidh Tom agus Buzz na cairéid a bhaint di.

  • 7:35AM
    Kid-E-Cats

    Kid-E-CatsSraith 1, Eipeasóid 5

    Prócaí is Piscíní

    Níl aon bhealach ag na piscíní chun an próca suibhe a thabhairt aníos ón íoslach.

  • 7:40AM
    Kid-E-Cats

    Kid-E-CatsSraith 1, Eipeasóid 6

    Rothar

    Foghlaimeoidh Blasta le dul ag rothaíocht ar a rothar nua inniu.

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 14

    Trioblóid le Fiacla an Tíogair

    Tá dath aisteach ar fhiacla Stríocaí. Iarrann Wissper cúnamh ar Chian chun iad a chur ina gceart.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 4

    Rac 's Ról

    Tá an príomhoide Tabitha i bponc mar nach bhfuil córas teasa na scoile ag obair. Cabhraíonn Stan agus Olly léi ceolchoirm a eagrú le hairgead a bhailiú.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 5

    An Veain is Fearr

    Cuireann Stan a mhadra Ben isteach ar Sheó Madraí Phlimpáin. Ach nuair a ghortaíonn Ben é féin roimh an gcomórtas bíonn ar Olly teacht ar phlean eile.

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 1

    Toirneach Chugainn

    Tá faitíos ar Scratch roimh thoirneach.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 35

    Chomh Ceanndána le Miúile

    Faigheann Furgus asal le cur in áit thralaí na málaí ach níl an t-asal sásta dul i mbun oibre!

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 1

    Laethanta Saoire

    Ó tharla na seangáin ag obair lá agus oíche, moltar dóibh dul ar saoire. I ndiaidh comhairle ó Flip, socraíonn Paul gan filleadh ar an obair go brách arís.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 8

    An Fathach Beag

    Tugann na hulchabháin bheaga cúnamh do thurtair dul chomh fada leis an bhfarraige. Castar turtar droimleathair orthu.

  • 8:49AM
    Scéalta Scanrúla le Masha

    Scéalta Scanrúla le MashaSraith 1, Eipeasóid 23

    Scéal a Théachtóidh Do Chuid Fola Faoi Ócáid Shásta

    Inseoidh Masha scéal scanrúil faoi ócáid lúcháireach.

  • 8:56AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 65

    Flora, Mo Chol Ceathrar

    Ní thuigeann Monty cén fáth nach dtaitníonn lena chol ceathrar Flora a bheith ag spraoi ar an gcaoi chéanna ar maith leisean a bheith ag spraoi.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 21

    Zou agus Leabhar Cuimhní Nanna

    Eagróidh Zou seanphictiúir Mhamó i leabhar speisialta inniu.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (OS & TS)

    Ár Scéal (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    An Fathach

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i gcathair na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun cluas a thabhairt do scéal faoi fhathach. Déanfaidh Úna agus na daltaí fathaigh dá gcuid féin agus úsáidfidh siad liathróidí ióga le héadain na bhfathach a dhéanamh.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 91

    Alice agus an tUan Iontaise

    Ar chlár an lae inniu, beidh moncaí atá in ann aithris a dhéanamh, dhá bhéar a bhfuil an iomarca ar a n-aire acu agus madra ar chlár scátála.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 13

    Stone Soup

    Tá Laura ag ceapadh go mbeidh sí féin in ann aire a thabhairt don fheirm fad is a bheidh Almanzo as baile. Ach caithfidh daltaí na scoile na barra a shábháil nuair a bhíonn Laura go dona tinn.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 3, Eipeasóid 10

    That'll Do, Pig

    Sraith ghrinn drámaíochta. Cailleann Lorelai féile an gheimhridh de bharr máthair Richard a theacht gan choinne. Tá máthair Richard ag iarraidh dul amach chun dinnéir in éineacht le Richard agus Emily go n-inseoidh sí rud éigin dóibh. Ní bhíonn Jess sásta dul chuig an bhféile in éineacht le Rory nó go bhfaigheann sé amach go mb'fhéidir go rachadh sí ann in éineacht le Dean ina áit.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 8, Eipeasóid 1

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. In iardheisceart Shasana a bheidh Will agus a iníon Ellie ar chlár an lae inniu, ceantar a bhfuil cáil mhór air as an gcáis chéadair is fearr ar domhan. Seasfaidh siad ag an Bath & West Show, agus tabharfaidh an bheirt a n-aghaidh ansin ar Fheirm Quicke chun blaiseadh de cháiseanna céadair na feirme. Rachaidh siad go hEastát Sharpham i Totnes ansin áit a bhfuil neart cáiseanna agus fíonta agus a bhfuil neart duaiseanna buaite acu ó 1981.

  • 12:20PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 2, Eipeasóid 30

    Enda Ó Conghaile

    Réiteoidh Enda Ó Conghaile as South Aran House in Inis Oírr béile d'fheoilséantóirí.

  • 12:45PM
    Garraí Glas (OS)

    Garraí Glas (OS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    Tabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar Stiofán Ó Donnacha i gCo. Mhaigh Eo a bhíonn ag cur a chuid glasraí agus torthaí féin mar a rinne a mhuintir roimhe. Taispeánfaidh Jim McNamara ón gColáiste Orgánach do Shíle le saileach a chur chun foscadh a thabhairt do do ghairdín chomh maith le slacht a chur air.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 3, Eipeasóid 9

    The Women of Qumar

    Ar chomhairle ó Abbey, buaileann Josh le grúpa ban chun foclaíocht mholta chonradh na Náisiún Aontaithe maidir le striapachas a chosc a phlé. D'fhéadfadh go bhfuil galar na bó buile ag scaipeadh ar fud Mheiriceá agus caithfidh Bartlet a shocrú cé mhéad eolais a roinnfear leis an bpobal faoi. Tá agóid ar bun ag seansaighdiúirí a throid sa Dara Cogadh Domhanda ag an Teach Bán i gcoinne taispeántas faoi Pearl Harbour tá le bheith ar siúl sa Smithsonian.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 4

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 26

    Codladh na gCarad

    Tá Dot chun an oíche a chaitheamh i dteach cara.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 66

    Na Saoithe

    Tá ceisteanna ag Monty nach bhfuil Stan ná Violet in ann a fhreagairt. Meas tú an bhfuil éinne ann a bhfuil freagra acu ar chuile rud beo?

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 12

    Tá Sé Chomh Fuar

    Míníonn an t-ulchabhán beag sneachta do na hulchabháin bheaga go bhfásann tuilleadh cleití orthu sa gheimhreadh chun iad a choinneáil te.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 39

    Táirgí Déiríochta

    Níl aon bhainne ag Nic ná ag Sailí don bhricfeasta. Tugann an Cat chuig feirm Finola iad le bricfeasta a bheith acu in éineacht.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 40

    Cairde Aontaithe

    Inniu Lá Fhéile Vailintín agus níl Nic ná Sailí ar aon intinn faoin gcineál cárta a dhéanfaidh siad don Chat.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 26

    Dónall Dána: Teaghlach Sona

    Tá Dónall agus a mhuintir istigh ar chomórtas don teaghlach is sona.

  • 4:13PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 27

    Mójó Van Dunk

    An mbeidh Angelo in ann cúnamh a thabhairt d'Ollie Vank Dunk a mójó scátála a fháil ar ais?

  • 4:24PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 4

    Cóil Cearnach

    Níl muintir Zak sásta leis na marcanna a fuair sé sa scrúdú mata. Fostaíonn siad teagascóir chun cúnamh a thabhairt dó.

  • 4:37PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 26

    Deireadh le Ré Páirt 1 & Deireadh le Ré Páirt 2

    Ar chlár an lae inniu aimseoidh Fee agus Foo a gcuid tuismitheoirí tar éis blianta fada a chaitheamh dá gcuardach. Má bhíonn Fee agus Foo ag iarraidh cónaí leo, beidh orthu imeacht as Littlebark. Tá Harvey croíbhriste go bhfuil ar Fee agus Foo imeacht agus téann sé siar ar bhóithrín na smaointe go dtí an chéad uair a casadh air iad.

  • 5:00PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 18

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 280

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 17, Eipeasóid 10

    Teach Solais na Fianaite, Trá Lí

    Teach Solais na Fianaite i dTrá Lí a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Deirtear gur sa gceantar seo a rugadh Naomh Breandán an Loingseoir. Tá Cuan agus Muiríne álainn anois ann.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 4

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 318

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 318

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Junior Eurovision (OS & TS)

    Junior Eurovision (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 5

    Táthar sa tóir arís ar an amhránaí agus ar an amhrán a sheasfaidh an fód d'Éirinn i gComórtas Amhránaíochta an Junior Eurovision sa Mhionsc. Tar éis éisteachtaí ar fud na tíre - tá 32 de na hamhránaithe is fearr idir 9-14 bliana d'aois roghnaithe chun dul ar aghaidh chuig an gcomórtas ar TG4. Déanfaidh na hiomaitheoirí a ndícheall gach seachtain chun áit a bhaint amach ar stáitse mór na hEorpa. Is iad Fiachna Ó Braonáin agus Gráinne Bleasdale na moltóirí buana agus beidh aoi-mholtóir aitheanta ó stair chomórtas na ndaoine fásta leo gach seachtain. Á chur i láthair ag Eoghan McDermott.

  • 8:30PM
    Blasta (OS & TS)

    Blasta (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Tabharfaidh muid aghaidh ar Phort Láirge an tseachtain seo chun castáil le Roseann, Joe agus Éimhín. Roinnfidh siad le Máirtín miasa a bhaineann leis an áit agus tabharfaidh léargas dó ar an stair a bhaineann leo. Ó oisrí go harán sinséir, beidh neart éagsúlachta i gceist ach cad a cheapfaidh muintir na háite faoi na seanoidis seo atá ligthe i ndearmad? Bígí linn i gcomhair oíche bia agus béaloidis ag Caisleán Dhún Garbhán!

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 11, Eipeasóid 1

    Rogha agus togha an aonú sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Hugo Duncan, Paddy O Brien, Lisa McHugh, Derek Ryan, John Hogan, Trudi Lawlor, Mike Denver, Gerry Guthrie agus Robert Mizzell.

  • 9:30PM
    Tabú (OS & TS)

    Tabú (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Bánú nó Slánú

    Sraith nua faisnéise a thabharfaidh léargas fíorspéisiúil ar Éirinn sa lá atá inniu ann. Ar chlár na seachtaine seo tabharfar léargas ar dhá shráidbhaile atá ag iarraidh teacht slán: Béal Átha Longfoirt agus Coillte Clochair. Tá baile amháin ag iarraidh cónaitheoirí nua a mhealladh chun cónaithe ann ach tá an ceann eile ag dul i léig. Céard is féidir a dhéanamh chun an taoide a chasadh ar mheath na tuaithe?

  • 10:30PM
    Sé Mo Laoch (OS & TS)

    Sé Mo Laoch (OS & TS)Sraith 9, Eipeasóid 5

    Alec Finn

    Is é an t-ealaíontóir, ceoltóir agus fear tionlacain Alec Finn a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Ealaíontóir cáilithe é Alec Finn a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna De Dannan. Is de bhunú Yorkshire, Shasana é ach tháinig sé go hÉirinn san 60aidí. Trína chruthaitheacht agus a dhlúththuiscint, mhúnlaigh sé áit dó féin i saol an cheoil thraidisiúnta in Éirinn áit ar cheap sé stíl tionlacain agus rithimí nár chuala aon duine cheana roimhe ach a bhfuil an traidisiún níos saibhre anois dá bharr. I measc na rannpháirtithe ar an gclár beidh Eleanor Shanley, Mary Bergin, Seán Ryan agus Frankie Gavin ar an gclár chomh maith.

  • 11:30PM
    Survivor: Game Changers (OS & TS)

    Survivor: Game Changers (OS & TS)Sraith 34, Eipeasóid 10

    A Line Drawn in Concrete

    Tagann idir beirt de hiomaitheoirí nuair a fhaigheann duine acu amach go raibh an duine eile ag oibriú an chloiginn orthu ar SURVIVOR.

  • 0:25AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 318

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:25AM
    An Jig Gig (OS)

    An Jig Gig (OS)Sraith 5, Eipeasóid 9

    Tá an Jig Gig ar ais arís agus sa tóir ar na damhsóirí Gaelacha is fearr sa tír. Níl ach coicís fanta anois go mbeidh an babhta leathcheannais ar siúl agus tá an brú ag méadú ar na hiomaitheoirí. Cé a rachaidh ar aghaidh sa gcomórtas?

  • 1:25AM
    Dáil Éireann

    Dáil ÉireannSraith 19, Eipeasóid 16

    Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

  • 1:50AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 318

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.