Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald
12 FEABHRA 2020, 18:07
Sinn Féin ag caint le páirtithe beaga inniu

Thosaigh Sinn Féin ag caint leis na páirtithe beaga inniu féachaint an mbeidh siad in ann comhrialtas a chur le chéile d'uireasa Fhianna Fáil ná Fhine Gael.

Bhí cruinniú i dtosach ar maidin ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald le ceannaire an Chomhaontais Ghlais Éamon Ryan. Dúirt sí ina dhiaidh gur cruinniú fóinteach agus tairbheach a bhí ann. 

Bhí cruinniú ina dhiaidh sin aici le hionadaithe ó Phobal Roimh Bhrabús, Richard Boyd Barrett ina measc, agus labhróidh sí leis na Daonlathaithe Sóisialta amárach. 

Ag labhairt di le Nuacht RTÉ/TG4, dúirt Bríd Smith ó Phobal Roimh Bhrabús gurb iad cúrsaí titíochta, sláinte, cúram leanaí, pinsin agus athrú aeráide na hábhair is mó a tarraingíodh aníos san fheachtas toghchánaíochta.

Dúirt sí go gcaithfidh na páirtithe eite clé teacht le chéile agus clár rialtais a bhunú ar na mórábhair seo.

Is é Teachta Dála Dhún na nGall Pearse Doherty atá roghnaithe ag Sinn Féin mar cheann feadhna ar thoscaireacht an pháirtí sin a bheas i mbun na idirbheartaíochta le páirtithe eile.

Teastaíonn 80 Teachta Dála le rialtas móraimh a bhunú.

Glactar leis go dtreiseofar ar na hiarrachtaí le comhrialtas a bhunú sula dtiocfaidh an Dáil le chéile seachtain ó amárach.

Dúirt Richard Boyd Barrett, Teachta Dála Phobal Roimh Bhrabús i nDún Laoghaire, gur mhian leis go mór go mbeadh rialtas eite clé ann agus go dteastaíonn uaidh labhairt le Mary Lou McDonald agus le páirtithe eile ar an eite chlé. 

Tá caint ann freisin ar rialtas mionlaigh a mbeadh Fianna Fáil ar a cheann agus a dtacódh Fine Gael leis, cé go bhfuil a leithéid curtha as an áireamh ag Simon Coveney ó Fhine Gael arís is arís eile le cúpla lá.

Dúirt Róisín Shortall ó na Daonlathaithe Sóisialta go gcaithidh comhghuaillíocht d'os cionn 80 Teachta Dála a bheith sa rialtas nua. Ina éagmais sin, a dúirt sí, tá an baol ann go ngairmfear olltoghchán eile. 

Beidh cruinniú inniu freisin ag Páirtí an Lucht Oibre lena ról féin i mbunú rialtais a phlé.