Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
14 FEABHRA 2020, 12:30
"Níos mó trédhearcachta ag teastáil ón tSín" - a deir SAM

Tá beagnach 1,400 duine sa tSín básaithe de bharr an choróinvíris faoin tráth seo agus tá an víreas tolgtha ag 64,000 duine eile sa tír sin. Tháing ardú suntasach le dhá lá anuas ar líon na dtuairiscí faoi dhaoine go raibh an víreas tolgtha acu, ó athraíodh na modhanna a bhí á n-úsáid le diagnóis a dhéanamh air.

Tá ag géarú ar an imní atá ann go leathnóidh an víreas amach ar fud an domhain. Faoin tráth seo, tá tuairiscí faoi bhreis agus céad chás den víreas faighte in os cionn dhá dhosaen tír.

Tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte tar éis an tSín a mholadh as an láimhseáil atá déanta acu ar an ngéarchéim seo, i gcomparáid leis dóigh a ndearnadh an víreas SARS a cheilt. Ach deir foinse shinsearach sa Teach Bán in Washington gur chóir don tSín níos mó eolais a chur ar fáil.