Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Rabhadh gaoithe agus báistí eisithe ag Oifig na hAimsire
14 FEABHRA 2020, 13:29
Rabhadh gaoithe agus báistí eisithe ag Oifig na hAimsire

Tá Oifig na hAimsire tar éis rabhadh Stádus Buí a eisiúint maidir leis an ngaoth agus leis an mbáisteach. Baineann an foláireamh leis an tír ina hiomláine.

Beidh an rabhadh gaoithe i bhfeidhm ó 3am maidin amárach go dtí 8pm. Beidh an rabhadh báistí i bhfeidhm ó 6am go dtí 9pm.

Beidh an ghaoth ag séideadh ar luasanna chomh hard le 100 ciliméadar san uair. Ar cheantair ar an gcósta agus ar chnoic a bheas an ghaoth is láidre.

Deir Oifig na hAimsire go mbeidh an bháisteach fíorthrom in amanna agus go bhfuil baol tuilte ann.

Tá foláirimh aimsire i bhfeidhm thar an deireadh seachtaine sa Ríocht Aontaithe chomh maith. Tá súil go gcuirfear isteach ar iompar agus trácht ansin don tarna deireadh seachtaine as a chéile de bharr na báistí troime agus na gaoithe láidre.