Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
14 FEABHRA 2020, 17:49
"Beidh gach cuid den Ríocht Aontaithe sa limiséar céanna" - Lewis

Tá sé ráite ag an Stát Runaí Nua go Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis, nach mbeidh aon teorainn ann idir an Bhreatain agus Tuaisceart Éireann.

Ag caint le tuairisceoirí i mBéal Feirste, dúirt sé nach mbeadh aon teorainn ar mhuir na hÉireann tar éis na tréimhse seo, ina bhfuil an Bhreatain ag imeacht as an Aontas Eorpach.

Dúirt sé go mbeidh an Ríocht Aontaithe ar fad sa limistéar céanna go luath. Agus go mbeidh an limistéar sin in ann sochar a bhaint as na margaí idirnáisiúnta trádála a bheas á ndéanamh leis an gcuid eile den domhan.

Dúirt sé go dtuigeann sé an fáth nach bhfuil tuairim Michel Barnier ag teacht leis an tuairim sin. Ach, a dúirt Brandon Lewis, dúirt Michel Barnier nach bhféadfaí an comhaontú aistarraingthe a oscailt in athuair. Agus d'éirigh leis an mBreatain é sin a dhéanamh, a dúirt sé.

"Táimid chun geilleagar níos fearr a chruthú don Ríocht Aontaithe ina hiomláine", a dúirt Brandon Lewis.