Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill
21 BEALTAINE 2020, 14:45
Ardú 11% ar an méid gearán a fuair an Coimisinéir Teanga

Bhí ardú 11% anuraidh ar an méid gearán a rinne daoine le hOifig an Choimisinéara Teanga faoi sheirbhísí Gaeilge sa Stát.

Tugtar le fios i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga Rónán Ó Domhnaill, a foilsíodh inniu, gur 704 gearán a fuair sé sa bhliain 2019 le hais 638 an bhliain roimhe sin. Dúirt sé gur ardú suntasach é seo.

Ón nGaeltacht a tháinig 18% de na gearáin agus ó Bhaile Átha Cliath a tháinig 35.3% díobh. 

Dúirt Rónán Ó Domhnaill gur ghearáin go leor daoine arís i mbliana faoi na deacrachtaí atá acu cur ina luí ar chomhlachtaí Stáit glacadh le síntí fada ina n-ainm nó ina seoladh.

Dúirt sé cé gur féachadh i mBille na dTeangacha Oifigiúla leis an dualgas seo a chur ar chomhlachtaí poiblí gur baineadh d'éifeacht na hiarrachta sin mar nach bhfuil spriocam luaite le teacht i bhfeidhm "an chirt bhunúsaigh seo." 

Mhol sé go "socrófaí dáta cinnte ... agus san idirlinn go mbainfeadh an dualgas le gach córas ríomhaireachta nua agus le gach córas ríomhaireachta athchóirithe." 

Chríochnaigh an Coimisinéir Teanga imscrúduithe ar chúig údarás áitiúla anuraidh. 

I dtaca le ceann acu - Comhairle Contae Chiarraí - léiríodh, a dúirt sé, nár cuireadh i bhfeidhm coinníoll teanga a bhain le cead pleanála a tugadh d'fhorbairt tithíochta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne in 2004.

Faoin gcoinníoll teanga a bhí ceangailte leis an togra ag an mBord Pleanála, dúradh go gcaithfeadh úinéirí nó tionóntaí fadtéarmacha líofacht sa Ghaeilge a bheith léirithe acu i gcás 75% de na tithe nua. 

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur "shárú thar a bheith tromchúiseach é seo" i bhfianaise "an tioncha[i]r a d'fhéadfadh a bheith ag fás ar dhaonra nach cainteoirí Gaeilge iad ar chosaint na teanga."

Is é bun agus barr an scéil gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an dlí pleanála, a dúirt sé.

Mhol sé "go n-ullmhódh agus go mbunódh an Chomhairle nósanna imeachta chun mo shástachta a bheidh le leanúint [choíche feasta] in aon chás ina leagtar coinníoll teanga ar chead pleanála ar fhorbairt tithíochta sa Ghaeltacht."

D'iarr sé freisin go gcuirfeadh an Chomhairle ar an eolas é faoi aon chead pleanála a dheonófaí i nGaeltacht Chiarraí go ceann cúig bliana "i dtaca le hiarratais mhóra phleanála nó iarratais i leith forbairt breis agus trí theach cónaithe."

Bhí suntas faoi leith ag baint leis an bhfiosrúchán seo faoi Chomhairle Contae Chiarraí, dar le Rónán Ó Domhnaill, mar gurb é seo "an chéad uair a thionscnaíomar imscrúdú ar fhoráil teanga den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000."

Maidir leis na húdaráis áitiúla eile, rinneadh gearáin faoin easpa Gaeilge ar chomharthaí sna ceantair a bhí i gceist - Ceatharlach, Loch Garman, Lú agus an Mhí.

Ag trácht dó ar an bhfiosrúchán a d'fhoilsigh sé anuraidh faoi RTÉ, dúirt an Coimisinéir Teanga gur léir dó "go bhfuil borradh breise faoi sholáthar uaireanta craolacháin agus clár Gaeilge ar RTÉ" ó shin:

"Ní féidir a dhearbhú ag an tráth seo, áfach, go bhfuil réimse cuimsitheach clár á chur ar fáil mar a éilíonn an reachtaíocht. Mar sin féin, aithním go bhféadfaí sin a bhaint amach sna blianta amach romhainn má leantar leis an bhforbairt atá beartaithe ar an réimse clár a chuirtear ar fáil."

Tugann an Coimisnéir roinnt samplaí sa tuarascáil bhliantúil de ghearáin a d'fhiosraigh an Oifig anuraidh:

- Fuair duine freagra i mBéarla ó dhá cheann déag de Bhoird Oideachais agus Oiliúna na tíre ar litreacha i nGaeilge uaidh.

- Ghearáin beirt tuismitheoirí ón nGaeltacht nach raibh seirbhís ar fáil as Gaeilge dóibhsean ná dá bpáistí óga ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair a thug siad na páistí chuig clinic imdhíonta MMR in ionad leighis i gceantar Gaeltachta in iarthar na tíre.

- Níorbh fhéidir le gearánach teacht ar leagan Gaeilge den Phlean Gnímh don Aeráid, 2019 a d'fhoilsigh an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

- Bhí lipéad de chuid an Phoist greamaithe de chlúdach litreach a seachadadh chuig duine inar tugadh le fios go raibh an seoladh "mícheart". Is amhlaidh a bhí an seoladh scríofa i nGaeilge. 

- Rinneadh gearán nach raibh fáil ar leagan Gaeilge den chlár Walk Tall nó Misneach ar chuid é den churaclam oideachais shóisialta phearsanta agus sláinte do bhunscoileanna agus gur chruthaigh sé sin deacrachtaí do bhunscoileanna a bhíonn ag teagasc trí Ghaeilge.

Thug an Coimisinéir le fios chomh maith nach raibh sé in ann leath na ngearán a cuireadh faoina bhráid a fhiosrú mar "nár tháinig ábhar na ngearán sin, den chuid is mó, faoi chuimsiú Acht na dTeangacha Oifigiúla ná faoi chuimsiú aon achtachán eile a bhain le stádas nó le húsáid teanga oifigiúla."

I dtaca le maoiniú de, dúirt se gur cuireadh buiséad €810,000 ar fáil d'Oifig an Choimisinéara Teanga don bhliain 2019 agus gur tarraingíodh anuas €808,347 den airgead sin.