Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
55,500 fostóir cláraithe don scéim fóirdheontais pá
21 BEALTAINE 2020, 15:10
Luach €1.048 bn caite ar an scéim fóirdheontais pá

Tá €1.048 billiún caite go dtí seo ag an Rialtas ar an scéim fóirdheontais pá, idir airgead ón Státchiste agus an méid atá caillte i gcáin ioncaim.

Thug an Leas-Ardrunaí i Roinn an Taoisigh Liz Canavan le fios ag preasócáid inniu go bhfuil 55,500 fostóir cláraithe don scéim agus go bhfuil íocaíocht amháin ar a laghad faighte ag 473,500 oibrí.

Bunaíodh an scéim shealadach chun cuidiú le fostóirí a bhfuil a ngnólachtaí buailte go dona ag géarchéim an choróinvíris. Íocann an Stát suas le 85% de phá oibrithe i gcúinsí áirithe fad is nach ligeann an fostóir chun siúil iad.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil, ámh, nach bhféadfaidh an tír seo airgead a fháil ar iasacht ar ráta íseal úis d'acht agus d'áirithe. 

Dúirt sé go bhfuil fiacha an Stáit ag méadú an t-am ar fad agus go gcaithfear iad a íoc ar ais ar bhealaí nua san am atá le teacht.