Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Uimhir atáirgthe an víris ó dhuine go duine idir 0.45-0.63
21 BEALTAINE 2020, 18:14
12 eile básaithe le Covid-19 sa Phoblacht, 76 cás nua

D'fhógair na húdaráis sláinte tráthnóna go bhfuil dáréag eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 76 cás nua ann.

Fágann seo go bhfuil 1,583 duine ar fad básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil an coróinvíreas tolgtha ag 24,391 duine.

Sa Dáil, dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go bhfuil uimhir atáirgthe an víris ó dhuine go duine idir 0.45-0.63. Ag an leibhéal seo atá an t-atáirgeadh le ceithre seachtaine, a dúirt sé. 

Ciallaíonn leibhéal chomh híseal seo go bhfuil an víreas brúite faoi chois sa phobal. 

Níos túisce, dearbhaíodh go bhfuil seachtar eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 42 cás nua ann.

Fágann sin go bhfuil 501 duine básaithe leis an ngalar ó thuaidh agus go bhfuil 4,481 cás deimhnithe ann.