Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Ní áireofar ach obair a chríochnaigh scoláirí roimh 12 Márta
21 BEALTAINE 2020, 18:20
Cosaint dlí do mhúinteoirí sa chóras marcála

D'fhéadfaí tuairisc a thabhairt don Roinn Oideachais faoi thuismitheoirí a dhéanann stocaireacht ar mhúinteoirí le marc maith a thabhairt dá gclann san Ardteistiméireacht, de réir treoirlínte faoi mharcáil na scrúduithe a foilsíodh tráthnóna. 

Is treoirlínte iad seo do mhúinteoirí agus do phríomhoidí faoi na marcanna atá le tabhairt do scoláirí i mbliana.

Deirtear sna treoirlínte nach n-áireofar ach obair a chríochnaigh scoláirí roimh 12 Márta agus measúnú ar mharcanna á dhéanamh ag múinteoirí.

Iarrtar ar na múinteoirí an marc a cheapann siad a gheobhadh scoláirí sna scrúduithe a thabhairt dóibh, seachas an marc a mbeadh súil ag muinteoirí a gheobhaidís dá mbeadh gach rud i gceart. 

Beidh deis ag scoláirí a chur in iúl ar leathanach idirlín speisialta an meastóireacht gnáthleibhéil nó ardleibhéil atá uathu i ngach aon ábhar.

Tabharfar slánaíocht do mhúinteoirí ó chásanna dlí ina n-aghaidh ar an mbonn go bhfuil siad ag gníomhú mar is ceart ar son an Stáit.