Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Meastar go raibh breis agus 100 duine ar bord eitleáin a thuairteáil sa gcathair Karachi. Eitleán de chuid Aerlíne Idirnáisiúnta na Pacastáine a bhí ann
22 BEALTAINE 2020, 11:21
Timpiste eitleáin sa bPacastáin

Meastar go raibh breis agus céad duine ar bord eitleán a thuairteáil i ndeisceart na Pacastáine, sa gcathair Karachi. Léirigh íomhánna a craoladh ar sheirbhís násiúnta teilifíse na tíre gur bhuail an t-eitleán – de chuid Aerlíne Idirnáisiúnta na Pacastáine – ceantar cónaithe.

Dúirt Údarás Eitlíochta na Pacastáine go gcaithfidh siad líon na ndaoine a bhí ar bord a dheimhniú, ach go gceapann siad go raibh 99 paisinéir agus ochtar criú ar an eitleán, a bhí ag teacht ó Lahore.

Bhí tús díreach curtha le heitiltí tráchtála sa bPacastáin, tar éis dóibh a bheith curtha ar fionraí de bharr an chóróinvíris.

Bhí go leor timpistí eitleán agus héileacaptar sa bPacáistín thar na blianta.

Mar shampla, sa mbliain 2016, chuaigh eitleán de chuid Aerlíne Idirnáisiúnta na Pacastáine trí thine agus maraíodh 40 san eachtra.