Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Coir a bheas ann gan foirmeacha a líonadh isteach ag aerfoirt & calafoirt, tuigtear
22 BEALTAINE 2020, 16:44
Coir a bheas ann gan foirmeacha a líonadh isteach ag aerfoirt srl

Cuirfidh an rialtas beartais i bhfeidhm, faoina mbeidh sé riachtanach do dhaoine atá ag teacht isteach sa tír seoladh a chur ar fáil don Gharda Síochána agus fanacht amach ó dhaoine ar feadh coicíse.

Coir a bheas ann gan na foirmeacha a líonadh isteach agus paisinéirí ag tuirlingt sa tír. Cuirfear na beartais i bhfeidhm ag aerfoirt agus ag calafoirt na tíre.

Dúirt an tAire Sláinte, Simon Harris, sa Dáil inné go mbainfeadh na beartais nua le gach paisinéir, beag beann ar náisiúntacht an duine. Dúirt sé nár chóir d'aon duine a bheith ag taistil faoi láthair, mura bhfuil géarghá lena dturas.

D'fhógair an Ríocht Aontaithe rialacha inniu faoin gcoraintín atá beartaithe acu do dhaoine a bheas ag teacht isteach sa tír sin. Beidh díolúine ann d’Éireannaigh.