Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Tá rabhadh tugtha ag an IRFU faoi inmharthanacht rugbaí proifisiúnta, mura bhfaigheann an spórt tacaíocht stáit.
22 BEALTAINE 2020, 14:02
Rabhadh tugtha ag an IRFU faoi inmharthanacht rugbaí proifisiúnta

Tá sé ráite ag Príomhfheidhmeannach Chumann Rugbaí na hÉireann, an IRFU, Philip Browne, go bhfuil ceisteanna móra faoi inmharthanacht rugbaí proifisiúnta san am atá romhainn.

Deir sé go gcaillfidh an IRFU €15-€20 má chuirtear Craobh na Sé Náisiún ar ceal. Agus, a deir Philip Browne, tógfaidh sé glúin iomlán sula mbeidh an spórt tagtha ar ais chuig an pointe ag a bhfuil sé faoi láthair, mura bhfaigheann siad tacaíocht stáit.

Ach bhí dea-scéal le fógairt aige freisin: tá sé deimhnithe go bhfuil an comhlacht infheistíochta Meiriceánach, CVC, chun 28% den Guinness Pro14 a cheannach.

Gheobhaidh an IRFU €33.5m, de thairbhe an mhargaidh seo.

Tá an IRFU ag súil go gcuirfear tús in athuair sa tír seo le cluichí rugbaí proifisiúnta ag deireadh mhí Lúnasa.

Tá súil go mbeidh cluichí de chuid Guinneass Pro14 agus Craobh Heineken ar siúl timpeall an ama sin.

Ach is plean de chuid an IRFU é seo. Beidh orthu cead a fháil ón rialtas ar dtús.