Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Bhí gaothanna láidre agus báisteach throm ar fud na tíre inniu agus leanfar de na coinníollacha seo amárach, a deir Oifig na hAimsire
22 BEALTAINE 2020, 15:40
Gaoth láidir agus báisteach throm ar fud na tíre

Bhí ceathanna troma ar fud na tire inniu, agus gaothanna ar luasanna chomh hard le 110 ciliméadar san uair. Bhí foláireamh stádus buí eisithe ag Oifig na hAimsire maidir leis na contaetha Ciarraí, an Clár, Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall agus Sligeach. Beidh an foláireamh sin i bhfeidhm go dtí 5pm tráthnóna.

Eisíodh foláirimh ghaoithe freisin i leith Chúige Mumhan agus Chúige Laighean, agus i leith na gcontaetha Ros Comáin, Liatroim agus Muineacháin. Beidh siadsan i bhfeidhm go dtí 9pm anocht.

Deir Oifig na hAimsire go bhfuil súil le tuilleadh gaoithe amárach.

Inné, bhí foláireamh eisithe acu faoin aimsir seo, agus chuir siad fainic ar an bpobal a bheith ar a n-airdeall faoi smionagar ó chrainn agus a leithéid, a d'fhéadfadh maoin nó daoine a bhuaileadh.