Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Tá sé dearbhaithe arís ag an Aire Oideachais, Norma Foley, go n-osclófar scoileanna ina n-iomláine ag deireadh mhí Lúnasa. Ach deir an ASTI go mb'fhéidir nach bhfuil go leor ama fágtha roimhe sin leis an bplean a chur i gcrích.
28 IÚIL 2020, 09:25
Dearbhaithe arís ag an Aire Oideachais go n-osclófar scoileanna

Tá sé dearbhaithe arís ag an Aire Oideachais, Norma Foley, go n-osclófar scoileanna na tíre ina n-iomláine ag deireadh mhí Lúnasa ar bhealach sabháilte. Agus go bhfanfaidh siad ar oscailt. 

Agus í ag labhairt ar an gclár raidió Morning Ireland ar RTÉ Raidió 1 ar maidin, dúirt sí go bhfillfeadh chuile dhuine ar scoil, mar is gnáth, ag deireadh an tsamhraidh.

Ach ar an gclár céanna, dúirt Deirdre MacDonald ó Chumann na Meánmhúinteoirí, an ASTI, go mb'fhéidir nach bhfuil go leor ama fágtha chun an plean a chur i gcrích, go mb'fhéidir gurbh fhearr dá dtiocfadh na daltaí ar ais de réir a chéile, i ngrúpaí. Dúirt sí gur áiteanna difriúla ar fad a bheas i scoileanna i mí Mheán Fómhair.

Dheimhnigh an Taoiseach, Micheál Martin, inné go gcuirfí €375m euro ar fáil chun scoileanna a oscailt arís.

Rinneadh an fógra i ndiaidh cruinniú comhaireachta ag Caisleán Bhaile Átha Cliath. 

Dúirt an Taoiseach go gcuirfí trealamh PPE agus acmhainní ar fáil mar chuid den phlean.

Cuirfear 1,000 múinteoir breise ar fáil in iarbhunscoileanna na tíre.

Cuirfear treoirchomhairleoirí breise, comhairleoirí feitheoireachta breise agus síceolaithe breise ar fáil.

San áireamh sa phlean, cuirfear €75 milliún ar fáil chun a chinntiú go gcuirfear scaradh sóisialta i bhfeidhm i seomraí ranga, trealamh Cosanta Pearsanta agus trealamh do shláinteachas láimhe do scoileanna chomh maith le treoracha maidir le cad ba cheart a dhéanamh má tharlaíonn cás de Covid-19.

Tá scoileanna uile na tíre, 4,000 scoil, dúnta ón 12ú Márta mar gheall ar ghéarchéim an choróinvíris.