Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
An tAire Humphreys sa Dáil
29 IÚIL 2020, 13:53
'Íocfar PUP le daoine a théann chuig tíortha ar liosta glas'-Aire

'Íocfar Íocaíocht Dífhostaíochta Covid (PUP) le daoine a théann chuig tíortha ar an liosta glas' a dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí,Heather Humphreys inniu.

Tarraingíodh conspóid nuair a baineadh an íocaíocht de dhaoine le tamall.

D'admhaigh an tAire Humphreys sa Dáil go bhféadfadh an Rialtas a bheith níos éifeachtaí maidir lena chuid cumarsáide ina leith seo.

An tAire Heather Humphreys ag rá go bhféadfadh an Rialtas a bheith níos éifeachtaí ina chuid cumarsáide

Dúirt sí go ndéanfaí athbhreithniú ar chás gach duine ar baineadh an íocaíocht dóibh toisc gur thaisteal siad thar lear ar saoire.

Beidh cead anois ag aon duine atá ag fáil íocaíocht dífhostaíochta Covid-19 nó an liúntas cuardaitheora poist dul chuig na tíortha atá ar an liosta glas mar a thugtar air, gan a bheith i mbaol an t-airgead sin a chailleadh.

Dúirt an tAire go bhfuil 2,500 duine stoptha ag tarraigt an PUP,agus go bhfuil an tír fágtha uilig ag os cionn 90% díobh seo.

Tá Sinn Féin ag iarraidh a fháil amach an bhfaighidh an dream ar baineadh an íocaíocht  dóibh, a gcuid airgid ar ais