Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
An tAire Dlí is Cirt Helen McEntee
29 IÚIL 2020, 10:13
120 cigire nua le ceapadh sa Gharda Síochána

Tá líon na gcigirí i bhfórsa an Gharda Síochána le méadú.

120 cigire nua atá le ceapadh; fágfaidh sé sin 500 sa bhfórsa anois go hiomlán.

Dúirt an tAire Dlí is Cirt, Helen McEntee go bhfuil na cigirí breise ag teastáil ó tá leagan amach nua ar an bhfórsa anois, chomh maith lena chuid oibre.

Mhol an Coimisiún ar thodhchaí na póilíneachta go ndéanfaí a léithid.

Freagrachtaí breise anois ar chigirí

Beidh freagrachtaí breise anois á bhfágáil ar Chigirí an Gharda Síochána, go háirithe i bpóilíneacht phobail, coiriúlacht, agus trácht bóthair.

Tá fáilte curtha ag Cumann Sháirsíntí agus Chigirí an Gharda Síochána (AGSI) roimh cheapachán na gcigirí breise.