Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Moya Murdock
29 IÚIL 2020, 10:50
'Bí cúramach agus tú i mbun áirithintí'-Moya Murdock

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chumann Árachóirí 'Insurance Ireland' gur chóir do dhaoine a bheith cúramach i dtaca le saoire nó taisteal thar lear a chur in áirithe.

'Clúdóidh árachóirí taisteal chuig tíortha ar an liosta glas' a dúirt Moya Murdock.

Mhol sí áfach do chustaiméirí a bheith aireach, agus dul i gcomhar le pé dream atá ag cur an tsaoire ar fáil dóibh sula dtaistealaíonn siad.

Dúirt sí freisin go bhfuil comhlachtaí árachais ar a ndícheall lena chinntiú gur féidir le scoileanna athoscailt sa bhFómhar, agus le gur féidir leas a bhaint as áitribh lasmuigh de láithreacha scoile i gcásanna áirithe.