Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
An Chúirt Achomhairc
29 IÚIL 2020, 13:30
Pianbhreith níos déine ar ógánach faoi iarracht dúnmharaithe

Tá pianbhreith gearrtha in athuair ar bhuachaill 17 bliain d'aois a ciontaíodh in iarracht dúnmharaithe 2 bhliain go leith ó shin.

11 bliain de théarma príosúnachta atá gearrtha ag an gCúirt Achomhairc ar an ógánach anois a ciontaíodh as a iarracht bean a dhúnmharú i nDún Laoghaire, Baile Átha Cliath.

Déanfar athbhreithniú ar a chás faoi cheann 7 mbliana.

Rinne Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí achomharc in aghaidh an phíonóis a gearradh ar dtús air, ar an mbunús dar leis, nach raibh sé sách dian.

15 bliain d'aois a bhí an déagóir nuair a bhuail sé leis an mbean ar an app 'Whisper' agus mheall í go ceantar i nDún Laoghaire, áit ar sháigh sé í.