Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Aire Sláinte an Tuaiscirt Robin Swann
29 IÚIL 2020, 14:04
An Tuaisceart saor arís ó aon bhás le Covid-19

Léiríonn na figiúirí is deireanaí ó Thuaisceart Éireann nach bhfuil aon duine marbh le 24 uair a'chloig ag Covid-19.

Níl aon thuairisc báis ansin ón víreas anois le 16 lá. 

556 atá marbh ag Covid-19 ó thuaidh de réir fhigiúirí na Roinne Sláinte ansin.

Dearbhaíodh 9 gcás nua, sin 5,930 cás ar fad i dTuaisceart Éireann.