Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
An Taoiseach Micheál Martin
29 IÚIL 2020, 14:48
'Ní ghearrfar €20m de na seirbhísí míchumais'-Taoiseach

Dhearbhaigh an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil nach ngabhfaidh an Rialtas chun cinn anois leis an €20m de ghearradh siar a bhí le déanamh ar sheirbhísí dóibh siúd le míchumas.

Bhí sé ag tabhairt freagra ar an teachta Roisín Shorthall óna Daonlathaithe Sóisialacha, tráth ar iarr sí ar an Taoiseach a shoiléiriú an mbeadh an gearradh siar seo a fógraíodh i mí Eanáir 2020 ag teacht i bhfeidhm.

Dúirt an Taoiseach freisin go bhfuil obair á déanamh ionas go n-athosclófar seirbhísí do dhaoine le míchumas, agus go n-athosclófar seirbhísí lae ag deireadh mhí Lúnasa.