Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Fearais thástála saor in aisce á dháileadh thall ann
29 IÚIL 2020, 15:46
Imní mhór faoina hospidéil i Hong Kong de bharr Covid-19

Tá ardú mór ar líon na ndaoine le Covid-19 i Hong Kong, agus 'd'fhéadfadh ospidéil ansin a bheith go mór faoi bhrú dá bharr' a dúirt Príomhfheidhmeannach an réigiúin Carrie Lamb.

D'impigh sí ar an bpobal ansin cloí go docht leis an scaradh sóisialta agus fanacht sa bhaile an oiread agus is féidir.

'Tá ráig mhór den víreas ar an mbealach arís' a dúirt sí.

Tá srianta níos déine á gcur i bhfeidhm ansin chun leathadh an víris a chosc.