Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Christine Connor curtha siar faoi choinneáil ó thuaidh
29 IÚIL 2020, 17:09
Christine Connor curtha siar faoi choinneáil ó thuaidh

Fuarthas bean as tuaisceart Bhéal Feirste ciontach inniu in iarracht póilín a mharú 7 mbliana ó shin.

Cuireadh Christine Connor (35) siar faoi choinneáil. 

Bhí 5 chúis eile curtha i leith Christine Connor, ina measc pléascáin a bheith ina seilbh agus á gcaitheamh le póilíní.

Christine Connor

Dúradh gur tharla na heachtraí ar Bhóthar Chromghlinne i mBealtaine 2013.

Shéan Christine Connor na cúiseanna uilig.