Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Níl aon bhás fógraithe sa Stát le 24 uair a'chloig de bharr Covid
29 IÚIL 2020, 18:00
Níl aon bhás fógraithe sa Stát le 24 uair a'chloig de bharr Covid

Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte nach bhfuil aon bhás fógraithe sa Stát le 24 uair a'chloig de bharr Covid-19.

Dearbhaíodh 14 cás breise áfach.

Baineann 8 díobh sin le hospidéil, an figiúir is ísle ó thús Mhárta.

Beagnach 26,000 cás de Covid-19 atá aitheanta sa Stát anois.

An Dr.Ronan Glynn

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis Eatramhach,An Dr.Ronan Glynn go raibh an phaindéim ag treisiú arís san Eoraip, ach go raibh an deis againn sa stát seo an chuid is measa de sin a sheachaint.

Sa Tuaisceart níl aon duine básaithe ach oiread inniu de bharr Covid-19, an 16ú lá as a chéile nach bhfacthas aon bhás leis an víreas ansin.