Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Cinneadh le déanamh ar an 4ú Lúnasa maidir le hathoscailt na dtithe tabhairne a deir an Tánaiste
30 IÚIL 2020, 16:48
'Treoirlínte anois ó thithe tabhairne chun athoscailt'-VFI

'Teastaíonn treoirlínte anois ó thithe tabhairne má tá siad le hathoscailt ar an 10ú Lúnasa' a deir Príomhfheidhmeannach Chumann Tabhairneoirí na hÉireann (VFI), Padraig Cribben.

Bhí sé ag labhairt ar chlár raidió de chuid RTÉ,'Today with Sarah McInerney'.

Dúirt sé go gcaithfeadh óstóirí dul i mbun réitigh agus táirgí a ordú.

Tá sé i gceist go mbeadh gach teach tabhairne oscailte faoin 10ú Lúnasa

Dúirt sé freisin gur léirigh tithe tabhairne a chuireann bia ar fáil gur féidir cloí le treoirlínte bainteach le Covid-19.

'Ní mór don Rialtas a chuid treoracha ina leith seo a eisiúint an tseachtain seo' a dúirt sé.

Dúirt an Tánaiste tráthnóna go ndéanfaí cinneadh Dé Máirt seo chugainn (4/8) maidir le hathoscailt na dtithe tabhairne.

Labhraíonn VFI thar ceann thithe tabhairne lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.