Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
An teachta Louise O'Reilly Sinn Féin
30 IÚIL 2020, 15:57
Sinn Féin ag lorg suí speisialta den Dáil

Tá Sinn Féin ag lorg suí speisialta den Dáil an tseachtain seo chugainn chun an fiosrú a bhí ar bun ag oifigigh leasa shóisialaigh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a phlé.

Deir an teachta Louise O'Reilly go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an Rialtas.

Tá amhras mór caite anois ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí ar ghníomhartha na n-oifigeach ag an aerfort, agus ag ionaid eile as a bhfágann daoine an tír seo. 

Deir sé go bhféadfadh sé nach raibh siad ag feidhmiú go dleathach faoi Acht na bliana 2005 ag ceistiú dhaoine maidir leis an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (PUP).

Aerfort Bhaile Átha Cliath, ceann de na hionaid ina raibh oifigigh leasa shóisialaigh gníomhach ag ceistiú dhaoine áirithe faoin PUP

Tá an Coimisinéir ag lorg eolais ón Roinn Leasa Shóisialaigh maidir le cén bunús a bhí le ceistiúchán na n-oifigeach ar dhaoine áirithe a bhí ag taisteal thar lear.

Tá an Dáil á scor amárach do shaoire an tSamhraidh.

Tá Sinn Féin áfach ag iarraidh ar an Tánaiste Leo Varadkar, agus ar an Aire Coimirce Sóisialaigh Heather Humphreys teacht isteach ann an tseachtain seo chugainn chun an chonspóid seo a phlé.