Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Easaontú le Trump faoi thoghchán a chur ar atráth
30 IÚIL 2020, 19:00
Easaontú le Trump faoi thoghchán a chur ar atráth

I Stáit Aontaithe Mheiriceá tá polaiteoirí sinsearacha, sa pháirtí daonlathach agus sa pháirtí poblachtach ag easaontú leis an Uachtarán Donald Trump, a d'iarr go gcuirfí toghchán mhí na Samhna ar atráth.

D'iarr an tUachtarán Trump go ndéanfaí a léithid, mar a dúirt sé 'nach féidir a bheith muiníneach as vótaí a chaitear tríd an bpost'.

Is ar an 3 Samhain atá toghchán na hUachtaránachta i Meiriceá á reachtáil, an tUachtarán Trump ag súil leis an dara téarma a bhaint amach sa Teach Bán.

De réir na bpobalbhreitheanna áfach, tá a chéile comhraic, Joe Biden ón bPáirtí Daonlathach chun cinn air.